An Mód Náisiúnta Ríoga


Is é an Mód Náisiúnta Ríoga (Gaeilge na hAlban: Am Mòd Nàiseanta Rìoghail) an phríomhócáid chultúrtha i saol Ghaeilge na hAlban. Is í an fhéile chultúrtha seo inchurtha le hOireachtas na Gaeilge in Éirinn agus leis an Eisteddfod Genedlaethol sa mBreatain Bheag. Chuir an Comunn Gàidhealach (Cumann Gaelach) an Mòd ar bun sa mbliain 1892 agus bíonn an Mòd ar siúl go rialta uair amháin in aghaidh na bliana sa bhfómhar.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAn Mód Náisiúnta Ríoga
Íomhá
Cineálféile Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh1946, 1955, 1964, 1976: Obar Dheathain, Scotland
1993: An t-Àrd-Ruigh, Scotland
1969: An Aghaidh Mhòr, Scotland
1973: Inbhir Àir, Scotland
1996: Blár Ghobhraidh, Scotland
1905, 1931, 1991: Inbhir Pheofharain, Scotland
1902, 1913, 1937, 1959, 1974: Dùn Dèagh, Scotland
1930, 1950, 1968, 1994, 2000, 2006, 2012, 2018: Dùn Omhain, Scotland
1975: Cille Bhrìghde an Ear, Scotland
1899, 1910, 1919, 1928, 1935, 1951, 1960, 1986: Dún Éideann, Scotland
2008: An Eaglais Bhreac, Scotland
1922, 1927, 1932, 1981, 1985, 1999: An Gearasdan, Scotland
1895, 1901, 1907, 1911, 1921, 1933, 1938, 1948, 1958, 1967, 1988, 1990, 2019: Glaschú, Scotland
1977, 1995: Goillspidh, Scotland
1904, 1925: Grianaig, Scotland
1897, 1903, 1912, 1923, 1936, 1949, 1957, 1966, 1972, 1984, 1997, 2014, 2021: Inbhir Nis, Scotland
1956, 1965, 2002: An Leargaidh Ghallda, Scotland
2007, 2017: Loch Abar, Scotland
1983: Tobar na Màthar, Scotland
1892, 1893, 1894, 1898, 1906, 1920, 1926, 1934, 1953, 1962, 1970, 1978, 1992, 2003, 2009, 2015: An t-Òban, Scotland
2013, 2022: Pàislig, Scotland
1896, 1900, 1924, 1929, 1947, 1954, 1963, 1980, 2004: Peairt, Scotland
1908, 1952: Baile Bhòid, Scotland
1982: Oileán Sciathánach, Scotland
1998: An t-Eilean Sgìtheanach agus Loch Aillse, Scotland
1909, 1961, 1971, 1987: Sruighle, Scotland
1979, 1989, 2001: Steòrnabhagh, Scotland
2010: Inbhir Theòrsa, Scotland
2005, 2011, 2016: Inse Ghall, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
EagraíAn Comunn Gàidhealach Cuir in eagar ar Wikidata

Bíonn a lán comórtas ar siúl ag an Mòd agus duaiseanna le haghaidh na mbuaiteoirí, mar shampla comórtais bhéalaithrise, sean-nós, amhráin Ghaeilge na hAlban, cóir Ghaeilge na hAlban, ceol traidisiúnta, comórtais ionstraime – an fhidil, an phíb mhór agus an chláirseach ina measc. Bíonn comórtais i litríocht, léamh filíochta nó an Bhíobla ann agus ealaíona eile freisin. Ar ndóigh, bíonn céilithe ar siúl chuile oíche.

Bíonn camanachd (iománaíocht na hAlban) agus peil ag an Mòd chomh maith agus clár spéisiúil le haghaidh Imeall an Mhòid, le ceol, ceardlanna agus óráidí. Tarraingíonn na comórtais go leor daoine chun an Mhòid gach bliain agus is minic a bhíodh slua maith ann, go háirithe ag comórtais na clainne.

Anois, de bhrí go bhfuil cainéal teilifíse i nGaeilge na hAlban, bíonn an Mòd le feiceáil ar BBC Alba. Craolann Radio nan Gàidheal na buaicphointí chomh maith.

Bíonn an Mòd ann chuile bhliain i Mí Dheireadh Fómhair in áiteanna éagsúla ar fud na hAlban.

Suíomhanna cuir in eagar

Suíomhanna an Mhóid le blianta beaga anuas:

Naisc sheachtracha cuir in eagar