An Mhórsceir Bhacainneach

Is ceann d'iontais na cruinne í an Mhórsceir Bhacainneach, an Great Barrier Reef, an sceir choiréil is mó ar domhan.. Tosaíonn sí taobh thoir thuaidh de Leithinis Rinn York in oirthuaisceart na hAstráile agus síneann sí 2,000 ciliméadar ó dheas le cósta Queensland.

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachAn Mhórsceir Bhacainneach
(en) Great Barrier Reef Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
CineálCoral reef (en) Aistrigh, natural cultural heritage site (en) Aistrigh agus díol spéise do thurasóirí Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i limistéar cosantaGreat Barrier Reef Marine Park (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinTír na Banríona, Astráil Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhTownsville Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 19°15′58″S 148°35′13″E / 19.266°S 148.587°E / -19.266; 148.587
Suite i nó in aice le limistéar uiscean Mhuir Choiréil Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Achar34,893,402.883011 ha
Suíomh Oidhreachta Domhanda: 34,870,000 ha Cuir in eagar ar Wikidata
Listed on the Australian National Heritage List (en) Aistrigh
Am21 Bealtaine 2007
Aitheantóir105709
Suíomh Oidhreachta Domhanda  
CineálOidhreacht nádúrtha  → An Áise-An Aigéine
Am1981 (5ú Seisiún), Critéar roghnúcháin don Oidhreacht Dhomhanda: (vii), (viii), (ix) agus World Heritage selection criterion (x) (en) Aistrigh
Aitheantóir154

Suíomh gréasáingbrmpa.gov.au Cuir in eagar ar Wikidata

Tá tuairim is 23,000 ciliméadar cearnach ann ar fad. I ndáiríre ní sceir amháin atá ann ach na mílte acu, ar a laghad 3,000. Ina measc tá 600 oileán. Deirtear go bhfuil chuile dhath a d'fhéadfadh a bheith ann ar an uisce ina timpeall, turcaid anseo, gormghlas ansiúd agus in áiteacha eile é chomh gorm leis an bplúirín. Tá éagsúlacht éan, éisc agus ainmhithe ann nach bhfuil le fáil ach i gcorr-áit ar domhan. Meastar go bhfuil 200 saghas éin agus 5,500 saghas éisc ann agus níl a bhformhór sin le fáil in aon áit eile.

Turasóirí agus iascairí is mó a bhaineann leas as an sceir seo agus tá faitíos ar dhaoine anois go bhfuil iascairí ag déanamh dochair don éiceachóras leochaileach. Chomh maith leo sin, tá rudaí sa nádúr a dhéanann dochar di ó am go chéile. Go dtí seo is í crosóg na corónach deilgne is mó is cúis leis sin ó na seascaidí i leith, cé gur cosúil go bhfuil sí sin faoi smacht i láthair na huaire. Ina theannta sin, tá imní ar lucht taighde faoin ngealadh atá ag tarlú le tamall de bhlianta. Ceaptar go bhfuil baint ag téamh domhanda nó ag El Niño leis sin.

Tagairtí cuir in eagar