Ceann de na seanreiligiúin Iaránacha is ea an Mhainicéasaíocht. Tá sí imithe anois, agus an chuid is mó de scríbhinní a fáidhe, Mani, ar iarraidh freisin, ach tá aithne éigin ar an gcreideamh ó fhoinsí dara láimhe, go háirithe ó scríbhinní Naomh Aibhistín, a d'iompaigh ón Mainicéasaíocht chun na Críostaíochta.

Bunús cuir in eagar

B'é an fáidh Mani a bhunaigh an Mhainicéasaíocht sa tríú haois i ndiaidh bhreith Chríost. Bhí cónaí ar Mani sa Bhabloin, in Impireacht na Peirse, agus b'í an Aramais a theanga dhúchais inar chum sé an chuid ba mhó de scríbhinní bunaidh na Mainicéasaíochta. Lena linn féin, áfach, aistríodh na scríbhinní go Meán-Pheirsis, agus cuireadh an reiligiún féin in oiriúint do théarmaí an tSorastrachais.

 
An neamh agus an domhan (1271 go 1368)

Diagacht cuir in eagar

Is é an déachas príomhghné na diagachta Mainicéasaí. Ghlac Mani leis go raibh dhá fhórsa móra san ollchruinn ó thús, mar atá, an solas agus an dorchadas. Bhí síocháin faoi réim i ríocht an tsolais, agus síorchogadh i ríocht an dorchadais. Tháinig ár n-ollchruinne féin chun saoil nuair a rinne an dorchadas ionsaí ar an solas, agus b'é an Spiorad Beo ó ríocht an tsolais a chruthaigh an ollchruinne as meascán an tsolais agus an dorchadais.

Bhí na Mainicéasaigh dírithe ar gach traidisiún reiligiúnda dá raibh ann a chur san áireamh ina gcreideamh. Mar sin, d'éirigh leo cuid mhaith scríbhinní de chuid Críostaithe eiriceacha a shábháil a bhí á ngéarleanúint ag na Críostaithe ceartchreidmheacha. Dúirt Mani féin gur "deisceabal de chuid Chríost" a bhí ann, ach ní raibh ina chuid diagachta, dar leis an Eaglais, ach eiriceacht ghlan. D'fhógair Mani gur "paraicléat" a bhí ann féin, is é sin, "fortaitheoir" nó "sólásaí" nó sórt idirghabhálaí idir Dia agus an duine. Deirtear sa Bhíobla Gréigise gurb é Críost féin an "paraicléat", ach tagraítear do Chríost freisin mar "chéad pharaicléat", rud a thugann le fios go bhféadfadh sé go dtiocfaidh paraicléit eile ina dhiaidh.

Pointe tábhachtach i ndiagacht na Mainicéasaíochta is ea nach bhfuil Dia maith uilechumhachtach ann. Ar an mbealach seo, d'fhuascail an Mhainicéasaíocht fadhb na teoidicé nó ceist an oilc. Ós rud é go bhfuil an t-olc chomh láidir leis an maith, níl sé ciallmhar an cheist a chur, cén fáth a gceadódh dia grámhar uilechumhachtach go mbeadh an t-olc ann ar aon nós. Tá fórsa an tsolais agus fórsa an dorchadais ag cur síor-chogaidh ar a chéile, agus is é anam an duine machaire an áir.


Úsáid mheafarach cuir in eagar

Is minic a thugtar mainicéasaíocht i ngnáthchaint na ndaoine léannta ar gach cineál déachais nach n-aithníonn ach aon mhaith amháin agus aon olc amháin ar an saol, agus nach dtuigeann gur féidir do rudaí bheith idir olc agus mhaith san am céanna.

Tagairtí cuir in eagar