An Phlá Mhór
B'ionann an Phlá Mhór nó an Galar Dubh agus galar marfach a scaip go rábach ón Áise ar fud na hEorpa san 14ú haois (1347-1351). Meastar go bhfuair 25 milliún duine bás san Eoraip dá barr, timpeall trian den daonra iomlán[1].
Cineál | ráig ghalair paindéim |
---|---|
Tréimhse | 1346 - 1352 |
Suíomh | 1338 - An Áise An Eoraip An Afraic Thuaidh réigiún Chugais |
Tír | an tSeoirsia, an Asarbaiseáin, an Rúis agus an Airméin |
Cúis | Xenopsylla cheopis francach dubh |
Líon básanna | 75,000,000 |
Le cuid | |
Dreancaidí galraithe ar fhrancaigh ba chúis leis an nGalar Dubh »»»»
Francaigh a bhí galraithe le bachaillíní an ghalair a scaip an phlá i measc na ndaoine agus d'at na nóid limfeacha.
Stair cuir in eagar
Bhí an phlá scamhógach marfach i níos mó ná 75% de na cásanna.
Bhí an phlá sheipticéimeach (inar ionfhabhtaíodh an fhuil sa cholainn) níos measa fós, ach amháin nár tharla an fhoirm seo chomh minic leis na foirmeacha eile.
Is deacair a hiarmhairt ar an Eoraip a mheas, ach chuir sí isteach go tubaisteach fadtréimhseach ar gach gné den bheatha. Is beag a foghlaimíodh uaithi, mar tharla paindéimí eile san Eoraip i 1361-3, 1369-71 , 1374-5, 1390, agus 1400.
Áise cuir in eagar
Fuair 13 milliún Síneach bás léi. Is dócha gur iompair ceannaithe an galar ar feadh na mBealaí Síoda trádála don Mheánoirthear is an Mheánmhuir.
Féach freisin cuir in eagar
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |