Teanga mharbh í an Pholáibis a bhí á labhairt ag treibheacha Slavacha in oirthear na Gearmáine. Teanga Shlavach Iartharach a bhí ann, agus í an-ghaolmhar leis an gCaisiúibis, thar aon teanga eile. Bhí sí á labhairt chois na habhann úd Eilbe, a dtugtar Labe uirthi as Seicis.

Infotaula de llenguaAn Pholáibis
Wenske, Slüvensťĕ, Vensťĕ agus Pülabsťĕ
Cineálteanga mharbh agus teanga díothaithe
Úsáid
Cainteoirí dúchais0 (1780í)
Stáitan Ghearmáin agus an Pholainn
Comhordanáidí51°00′N 12°50′E / 51°N 12.83°E / 51; 12.83
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Bailt-Slavacha
teangacha Slavacha
teangacha Slavacha iartharacha
Lechitic (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-3pox
Glottologpola1255
IETFpox

Fuair an cainteoir dúchais deireanach bás sa bhliain 1756. Seanbhean a bhí ann. Níor forbraíodh teanga liteartha don Pholáibis riamh, ach is féidir teacht ar iarsmaí scríofa in áiteanna, ó chuir cúpla duine suim sa teanga nuair a bhí sí ag saothrú an bháis. Scríobh an feirmeoir Johann Parum Schulze (1677-1740) croinic chuimsitheach faoi shaol na bPolábach, agus an teanga ó dhúchas aige. B'é an ministir Protastúnach Christian Henning von Jessen a bhreac síos an chuid is mó de na teilgeanacha cainte sa teanga atá fágtha. Bhí cónaí ar Schulze i Süthen, agus Jessen lonnaithe i Wustrow. Tá an dá áit suite in aice le Hannover, mar a bhfuil ceantar tuaithe Lüchow-Dannenberg inniu. B'ansin a mhair an teanga ní b'fhaide ná in aon áit eile, agus inniu féin, tugtar Wendland nó Tír na Slavach ar an gceantar go minic.

Tagairtí cuir in eagar