Is dún cnoic ilbhallaí é an Ráth Gheal[1] i ngar do Shíol Éalaigh, Contae Chill Mhantáin.[2] Téann an suíomh siar go dtí an Chré-Umhaois. Tá trí bhalla cloiche chomhlárnacha ann, chomh maith le balla moirtéil sa lár a tógadh sa Meánaois.[3] Is séadchomhartha náisiúnta é an Ráth Gheal atá faoi chúram an stáit.[4]

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
An Ráth Gheal
Íomhá
Sonraí
CineálSuíomh seandálaíochta, dún cnoic ilbhallaí agus creig
Tréith
Airde os cionn na farraige131 m
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae Chill Mhantáin, Éire
Map
 52°48′08″N 6°39′47″W / 52.802234°N 6.663143°W / 52.802234; -6.663143
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir422

Rinneadh tochailt seandálaíochta neamhiomlán sna 1970idí faoi stiúir Barry Raftery.[5] Fuarthas go leor déantúsán ann, soithí ceirmeacha, sligí cré-earra, agus coirníní gloine san áireamh, a léiríonn gur baineadh úsáid as an suíomh idir lár agus deireadh na Cré-Umhaoise. Fuarthas roinnt earraí óir ann freisin, chomh maith le láthair adhlactha a nascadh le húsáid níos déanaí ar an suíomh.[3] Creidtear freisin go léiríonn na hadhlacthaí go raibh tábhacht deasghnátha ar leith ag baint leis an suíomh.[6]

Tá go leor finscéalta a bhaineann leis an Ráth Gheal, scéalta faoi na daoine maithe san áireamh. Deirtear freisin gur suíomh oilithreachta do lánúineacha gan chlann é.[7]

Tagairtí cuir in eagar

  1. An Ráth Gheal/Rathgall | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-07-06.
  2. Dowling, Simon. “Rathgall Hillfort, Co. Wicklow”. Aerial Archaeology A birds-eye view of Irish archaeology. Dáta rochtana: 7 Samhain 2014.
  3. 3.0 3.1 The Heritage Council. “Significant Unpublished Irish Archaeological Excavations 1930 - 1997”. The Heritage Council. The Heritage Council. Dáta rochtana: 8 Samhain 2014.
  4. National Monument Service. “National Monuments in State care”. National Monument Service. National Monument Service. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 11 Meán Fómhair 2014. Dáta rochtana: 8 Samhain 2014.
  5. Cultural Heritage Ireland. “The Late Bronze Age Hillfort at Rathgall, Co. Wicklow, near Tullow, Co. Carlow”. Cultural Heritage Ireland. Dáta rochtana: 8 Samhain 2014.
  6. Harding, Dennis (2012). "Iron Age Hillforts in Britain and Beyond": 116–117. Oxford: Oxford University Press. ISBN 978-0191626104. Dáta rochtana: 8 Samhain 2014. 
  7. Voices from the Dawn. “Ring of the Rath (Rathgall Hillfort)”. Voices from the Dawn. Dáta rochtana: 8 Samhain 2014.