Is baile fearainn atá suite i gContae Thír Eoghain, gar do Sheisceann Odhar, é an Táite Riabhach (Béarla: Tattyreagh). Ciallaíonn an focal 'táite' tomhas talaimh. Deirtear go bhfuil 1000 acra Gaelacha i gceist leis seo. Tá a lán ciall ag baint leis an fhocal 'riabhach'. Sa chás seo deirtear go gciallaíonn sé stríocach mar gheall ar an meascadh idir talamh maith agus talamh olc.[1]

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Táite Riabhach

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54°29′N 7°19′W / 54.49°N 7.31°W / 54.49; -7.31

Tá Scoil Chroí ró-Naofa agus club peile Gaelaí CLG Naomh Pádraig, An Táite Riabhach ann. Imríonn an club a gcuid cluichí i bPáirc Uí Dhorchaí. Tá teach tábhairne, bialann agus siopa sa cheantar fosta.

Is é an áit seo a dtagann na trí deoise de Dhoire, Ard Mhacha agus Clochar le chéile. Déanann an abhainn darb ainm 'Coigríche' an teorainn seo.

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Experience". experience.arcgis.com. Dáta rochtana: 2022-08-30.