Ar an 17 Aibreán, 1876, d'éalaigh seisear Fíníní as príosún i Fremantle, an Astráil, ar an long Catalpa.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAn Tarrtháil Catalpa
Íomhá
Cineáléalú príosúin Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana17 Aibreán 1876 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhRockingham, Western Australia Cuir in eagar ar Wikidata
TírColony of Western Australia (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Cúlra cuir in eagar

In aimsir na bhFíníní sna 1860idí, gearradh téarmaí fada príosúnachta ar na céadta acu siúd a bhí páirteach san eagraíocht. Iadsan ar gearradh téarma níb fhaide ná seacht mbliana orthu, díbríodh go dtí an Astráil iad.

Cuireadh cuid mhaith acu sin i bPríosún Fremantle in Iarthar na hAstráile. Ina measc bhí John Boyle O’Reilly. D’éirigh leis éalú agus a bhealach a dhéanamh go dtí na Stáit Aontaithe, áit ar bhain sé clú amach mar iriseoir.

Go gairid ina dhiaidh sin, ligeadh saor na Fíníní a bhí fós sa bpríosún ach amháin an dream a bhí in arm na Breataine nuair a gabhadh iad. Mar thoradh ar an scéal, ní raibh fágtha faoi ghlas ach seachtar a bhí fós i bPríosún Fremantle: Thomas Darragh, Martin Hogan, Michael Harrington, Thomas Hassett, Robert Cranston agus James Wilson (agus an brathadóir James Kiely).

 
John Boyle O'Reilly, "file", greanadóireacht adhmaid: Harper's Weekly, v. 34, 1890, p. 664.

Chuir siadsan litir chuig O’Reilly ("glór ón tuama” mar a thug siad air) ag impí air cabhrú leo éalú. Chuaigh seisean agus John Devoy, duine eile de cheannairí na bhFíníní sna Stáit Aontaithe, i mbun oibre. Bailíodh airgead i Meiriceá agus san Astráil chun na seisear a tharrtháil.

Eachtra cuir in eagar

Ar an 29 Aibreán 1875 d'fhág an Catalpa, long míolta móra (200 tonna) New Bedford i Massachusetts. Rinne a bealach trasna an Atlantaigh go dtí na hAsóir. Tar éis lastas a fhágáil ina diaidh le seoladh ar ais go New Bedford, tógadh criú nua ar bord agus sheol sí léi arís ó dheas ar thóir na míolta móra, thart timpeall na hAfraice agus soir chomh fada le Bunbury in Iarthar na hAstráile. Chaith an Catalpa tamall ansin fad is bhí plean éalaithe á chur i gcrích.

 
An long Catalpa

Ar an 17 Aibreán, 1876 d’éalaigh an seisear as Fremantle, a bhí ag obair taobh amuigh den phríosún an lá sin, agus chuadar ar bhád a cuireadh i dtír ón gCatalpa. Tháinig gála go tobann orthu agus thóg sé ocht n-uaire fichead orthu an Catalpa a aimsiú.

Tháinig galtán de chuid na Breataine a bhí feistithe le gunnaí sa tóir orthu. Scaoileadh cúpla urchar leis an gCatalpa. Ach dhiúltaigh captaen an Chatalpa, George Anthony, géilleadh. Dúirt sé go raibh siad in uiscí idirnáisiúnta agus dá n-ionsófaí í, go mbeifí ag fógairt cogaidh ar na Stáit Aontaithe.

Tráthúil go leor, tharla eachtra den saghas céanna tamall roimhe sin a chosain £3,000,000 ar rialtas na Breataine. Bhí leisce ar chaptaen an ghaltáin dá bharr seo agus ligeadh don Chatalpa imeacht.

Bhain an long New Bedford amach ceithre mhí ina dhiaidh sin.

Maidir leis an long í féin, chaith sí na blianta ag tarraingt ghuail ina dhiaidh sin agus tháinig deireadh lena ré sa mBeilís.

 
An cuimhneacháin Catalpa, i Rockingham

Cuimhneachán cuir in eagar

leabhair foilsithe, drámaí léirithe, cláracha faisnéise le fáil ar an raidió agus ar an teilifís a bhaineann le scéal Catalpa.

  • Tá dhá amhrán ar a laghad a bhaineann leis an scéal, “Catalpa” agus “The Fenians’ Escape”.
  • In Aibreán 2003, eagraíodh “Lá an Chatalpa” in iarsmalann Phríosún Fremantle den chéad uair.

Tagairtí cuir in eagar

  1. An Catalpa - dásacht agus dánacht, le Dáithí Ó Colchúin. Beo.ie, Eagrán 28 LÚNASA 2003