An feachtas ar son oscailt Scoil Dhún Chaoin

feachtas in Éirinn sna 1970idí

Tharla an feachtas ar son oscailt Scoil Dhún Chaoin.idir 1970-1973, ceann de na feachtais is cáiliúla i stair na Gaeltachta agus na teanga.[1] Tharraing an tslí ar sheas an pobal is iargúlta sa Ghaeltacht an fód ar son a gcearta aird na tíre go léir ag an am.[2]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAn feachtas ar son oscailt Scoil Dhún Chaoin
Cineálfeachtas polaitiúil Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht1970 - 1973
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Scoil Naomh Gobnait
Sheas daoine ar nós Máire Mhac an tSaoi chun na leanaí a mhúineadh go deonach.

Imeachtaí cuir in eagar

Rinne an Roinn Oideachais iarracht an scoil a dhúnadh sa bhliain 1970 agus na leanaí a aistriú go Scoil an Fheirtéaraigh.

Sheas muintir Dhún Chaoin go láidir i gcoinne cinneadh an Rialtais. D’éirigh cuid mhaith de phobal na tíre laistiar dóibh ina gcuid iarrachtaí a scoil bheag féin agus a bpobal féin a choimeád ina mbeatha.

Sheas daoine ar nós Máire Mhac an tSaoi agus Breandán agus Máire Feirtéar isteach chun na leanaí a mhúineadh go deonach. Tháinig Mícheál Ó Dúbhshláine, múinteoir óg ó Chill Dara chun múineadh sa scoil sa bhliain 1970, gan tuarastal ná aitheantas ón Roinn Oideachais. Sheas muintir Dhún Chaoin leis agus chabhraíodar leis in aon slí go bhféadfaidís.[3] Lean an scéal mar seo ar feadh trí bliana.

Eagraíodh mhórshiúl ó Dhún Chaoin go dtí Baile Átha Cliath ar son athoscailt na scoile i 1971 agus cuireadh ceirnín amach. Ach ní ar son na scoile amháin a bhí an mórshiúl cáiliúil sin. Bhí sé dírithe ar chearta mhuintir na Gaeltachta a chaomhnú. Úsáideadh an scoil mar uirlis chun an scéal mór sin faoin nGaeltacht a chur i láthair an rialtais.[2]

Tharla olltoghchán ar 28 Feabhra 1973 agus tháinig athrú Rialtais (Fine Gael / Lucht Oibre).[4] agus tugadh aitheantas don scoil arís.

Faoi dheireadh, ag deireadh seachtaine na Cincíse 1973, a fuarthas an dea-scéal go raibh rath ar an bhfeachtas chun Scoil Naomh Gobnait a choimeád oscailte. Ceapadh Mícheál Ó Dúbhshláine go hoifigiúil mar phríomhoide na scoile.[3]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Donal Hickey (2014-12-22). "TG4 special recalls Kerry-Dublin march to save Dunquin school" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2023-06-02.
  2. 2.0 2.1 tuairisc.ie (2 Meitheamh 2023). "Ceiliúradh i nDún Chaoin ar cheann de na feachtais is cáiliúla i stair na Gaeltachta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-06-02.
  3. 3.0 3.1 "Scoil Dhún Chaoin". scoildhunchaoin.ie. Dáta rochtana: 2023-06-02.
  4. "1973 Irish general election" (as en) (2023-04-22). Wikipedia.