Is é an rud atá i gceist leis an Ollaomthóir ná aimhrialtacht imtharraingthe sa spás idir-réaltrach i lárphointe na hollbhraisle áitiúla. Mais chomhchruinnithe atá ann arb ionann í agus na scórtha míle réaltra, de réir an tionchair a aithnítear ar ghluaiseacht na réaltraí go léir ar fud réimse atá na céadta milliún solasbhliain ar trastomhas.

Réaltraí deargaistrithe iad seo go léir, de réir shreabh Hubble, rud a thugann le fios go bhfuil siad ag druidim amach uainn agus ó chéile, ach is féidir an aimhrialtacht a thomhas ar an dóigh a mbíonn a ndeargaistriú ag athrú.

Cuireadh an chéad sonrú san Ollaomthóir sa bhliain 1986. Tá sé suite faoi 150-250 milliún solasbhliain (is é an figiúr is airde an meastachán is úire) de Bhealach na Bó Finne, i dtreo na Péiste Uisce agus an Cheinteáir. Is í Braisle na Rialach (ACO 3627) an struchtúr mórscála is feiceálaí sa réigiún sin den spás. Braisle mhillteanach réaltraí atá ann, agus í ag cur thar maoil le seanréaltraí móra. Tá cuid mhaith de na réaltraí seo ag imbhualadh le réaltraí eile, agus cuid mhaith radathonnta á ngineadh sa teagmháil.

Níl sé furasta taighde a dhéanamh ar an Ollaomthóir, nó tá sé suite sa ghannchrios.