Iompróir an Uisce

réaltbhuíon de chuid an stoidiaca ar an meánchiorcal neamhaí
(Athsheolta ó An tUisceadóir)

Iompróir an Uisce ar cheann de na réaltbhuíonta is sine a aithnítear ar feadh an stoidiaca, cúrsa dealraitheach na gréine trí na spéartha. Aquarius (♒) an t-ainm Laidine a thugtar air, rud a chiallaíonn "ón uisce".

WD Bosca Sonraí Réad RéalteolaíochIompróir an Uisce 
AinmniúAquarius
Cineálréaltbhuíon agus zodiacal constellation (en) Aistrigh
Achar dromchla980 °² Cuir in eagar ar Wikidata
Jantar Mantar, Jaipur, India, 17ú haois

Tá an réaltbhuíon seo suite i réigiún dá ngairtear go minic an Mhuir toisc go bhfuil a lán réaltbhuíonta uisciúla ann, mar shampla an Míol Mór, na hÉisc, an Abhainn, srl. Uaireanta, léirítear an Abhainn Eridanus agus í ag rith amach ó phota uisce an Uisceadóra.

Sanasaíocht cuir in eagar

Is é an Iompróir an Uisce an t-ainm is minicí a úsáidtear (ar Google siteː.ie), agus molann Foclóir Réalteolaíochta an leagan Iompróir an Uisce mar théarma Gaeilge. Is dócha go bhfuil sé bunaithe ar an ainm Béarla Water-bearer, agus an téarma An tUisceadóir aistrithe díreach ón Laidin.

Príomhghnéithe cuir in eagar

I measc príomhréaltaí an Uisceadóra ná:

  • β Aqr: dá ngairtear freisin Sadalsud ("an duine is ámharaí i measc an lucht áidh");
  • γ Aqr: da ngairtear Sadachbia ("réalt ámharach de rudaí folaithe");
  • δ Aqr: da ngairtear SkatScheat ("lorga").
  • an Próca: comhdhéanann na réaltaí γ, ζ, η, agus π Aquarii astaireacht darb ainm an Próca, a léiríonn pota uisce an Uisceadóra
  • Eta Acuairidí agus Delta Acuairidí: baineann dhá dhreigechith thábhachtacha leis an Uisceadóir: na Eta Acuairidí (4 Bealtaine nó i dtrátha an ama sin) agus na Delta Acuairidí (timpeall 28 Meitheamh), an dá chuid le chéile ag soláthar thart ar 20 dreige san uair.

Réada suntasacha domhainspéire cuir in eagar

  • M72: réaltbhraisle chruinneogach
  • NGC 7293: réaltnéal pláinéadach cáiliúil a dtugtar Réaltnéal an Héilics air; tá sé suite ar an taobh thiar theas de δ Aqr

Stair cuir in eagar

Buanaíodh an réaltbhuíon sna seascaidí, dá ngairtear Aois an Uisceadóra. Níl aon sainmhiniú caighdeánach, áfach, ar aoiseanna astralaíocha; mar sin de d'fhéadfadh go dtosódh aois an Uisceadóra sa bhliain [2150]] nó fiú amháin 2660, de réir an tsainmhinithe a roghnaítear.

Miotaseolaíocht cuir in eagar

Ionannaíodh an tUisceadóir ar shlite éagsúla i rith na n-aoiseanna. De réir an mhiotais is iomráití, ionannaítear an tUisceadóir le Gainiméide, ógánach álainn ar thit Séas i ngrá leis, agus ar fhuadaigh sé go hOilimpeas é le bheith ina dháileamh do na déithe. Ionannaítear an Cupán lena chorn uaireanta.

Tríd is tríd, tá dealramh ag an Uisceadóir le cruth fir; má chuirtear réaltóga san áireamh atá níos doiléire ach infheicthe fós ag an tsúil fhornocht, téann an réaltbhuíon i gcosúlacht le deilbh fir, buicéad ina lámh aige agus sruth ag sní amach as. Ionannaíodh an tUisceadóir freisin leis an té a dhoirt amach uiscí na Díleann, a bháigh an domhan de réir leagan Gréagach an mhiotais sin. Sa chás sin, ionannaíodh réaltbhuíon na hAbhann, Eridanus, le habhainn atá an tUisceadóir a dhoirteadh amach.

Is féidir go mbaineann an tUisceadóir, i dteannta réaltbhuíon Pheigeasais, le bunús mhiotas Láracha Dhíoméide, atá páirteach le Dhá Shaothar Déag Earcail. Agus is cosúil go bhfuil gaol éigin idir an doirteadh amach aibhneacha, réaltbhuíon cóngarach an Ghabhair agus bunús scéal Stáblaí Áigéis, ceann eile den dá shaothar déag.

Astralaíocht cuir in eagar

De réir astralaíocht an Domhain Thiar, tá baint ag comhartha an Uisceadóra (Eanáir 20 - Feabhra 18) leis an réaltbhuíon den ainm céanna.

De réir cosmeolaíochtaí áirithe, baineann an tUisceadóir le dúil chlasaiceach an Aeir, agus mar sin de aithnítear mar chomhartha an aeir é (i dteannta na Meá agus an Chúpla). Tá sé freisin ar cheann de na ceithre Chomhartha Dhaingeana (i dteannta an Leoin, na Scairpe, agus an Tairbh). Is é an Leon is frithchomhartha polach an Uisceadóra, agus is é Uránas is pláinéad ceannasach leis (sular aimsíodh Uránas, ba é Satarn a mheastaí mar phláinéad ceannasach an Uisceadóra).

Baineann gach comhartha astralaíoch le roinn éigin an choirp, agus tuigtear an roinn sin mar ionad a chumhachta. Rialaíonn an tUisceadóir an córas imshruthaithe chomh maith leis na murnáin. Is é an tsiombail atá ar an Uisceadóir ná iompóir an uisce. I measc tréithe an Uisceadóra áirítear: cumas an scéal ar fad a thuiscint, nádúr cairdiúil neamhfhoirmiúil, géire mheabhrach (go fiú ardintleacht), agus intlíocht.

Réaltaí cuir in eagar

Féach fosta cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

  • Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.1. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.

Tagairtí cuir in eagar


Réalteolaíocht | Réaltbhuíonta an Stoidiaca | Astralaíocht

an Reithe | an Tarbh | an Cúpla | an Portán | an Leon | an Mhaighdean | an Mheá | an Scairp | (Fear na bPéisteanna) | an Saighdeoir | an Gabhar | an tUisceadóir | na hÉisc


Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes

an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir


Na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha
an Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir