Déanann Annála Loch Cé cuntas ar an tréimhse idir 1014 agus 1590 i gCúige Connacht agus sna ceantair máguaird, den chuid is mó. Tógadh an teideal ó Loch Cé i ríocht Mhagh Loirg (i dtuaisceart Chontae Ros Comáin), áit a raibh Clann Mhic Dhiarmada in uachtar.

WD Bosca Sonraí LeabharAnnála Loch Cé
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata

Scríobhaithe de chuid muintir Dhuibhgeanáin a luaitear leis an gcuid is mó de na hAnnála, agus roinnt leasuithe iontu a rinne a bpátrún Brian na Carraige Mac Diarmada, fear a fuair bás in 1592. Tá cuid den téacs i Laidin.

Stair i ndiaidh 1592 cuir in eagar

Tá neart nótaí ar chiumhais na nAnnála leis an staraí agus scoláire Gaeilge Ruairí Ó Flaithbheartaigh (1629–1716/1718). In 1734 bhí an lámhscríbhinn i seilbh an scoláire nótáilte Seán Ó Maolchonaire. In 1766 rinne an Dochtúir Thomas Leland, comhalta de chuid Choláiste na Tríonóide agus staraí, í a cheannach i mBaile Átha Cliath agus leabhair an Dochtúra Seán Ó Fearghuis á ndíol. Chuir Leland i Leabharlann Lámhscríbhinní an Choláiste í.[1]

Foinsí cuir in eagar

  • Welsh, Robert (eag.). Oxford Concise Companion to Irish Literature. OUP 1996. ISBN 0-19-280080-9
  • Annála Loch Cé, A.D. 1014-1590, le fáil ar CELT

Tagairtí cuir in eagar

  1. Réamhrá in Hennessy, William Maunsell (eag.), The Annals of Loch Ce: A Chronicle of Irish Affairs from A.D. 1014 to A.D. 1590. London: Longman & Co. & Trübner & Co., 1871: https://archive.org/stream/annalsoflochcc01hennuoft/annalsoflochcc01hennuoft_djvu.txt