Aontachas na hÚcráine leis an Aontas Eorpach

Chuir an tAontas Eorpach tús le cainteanna ballraíochta leis an Úcráin sa bhliain 2023. D’fhógair Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Charles Michel, ar an 14 Nollaig 2023 go raibh sé socraithe tús a chur leis an idirbheartaíocht.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAontachas na hÚcráine leis an Aontas Eorpach
Íomhá
Cineálaccession of a country to the European Union (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deUkraine–European Union relations (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Úcráin Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
Ionradh na Rúise ar an Úcráin Cuir in eagar ar Wikidata


Ruslan Stefanchuk, Volodymyr Zelenskii agus Denõss Shmygal lena n-iarrtas in 2022

Bhí sé ina imní ag an am go mbainfeadh Viktor Orbán, Príomhaire na hUngáire, leas as veto chun bac a chur ar chainteanna ballraíochta leis an Úcráin. Mhaígh sé nach ngéillfeadh sé do bhrú ó stáit eile san AE ach sa deireadh níor bhain sé leas as a veto.[1] Bhí Orban i gconaí i gcoinne na hÚcráine a bheith ina ball den Aontas. Ach shiúil sé amach as an seomra le linn do na ceannairí eile a bheith ag caitheamh vóta ar an gceist, rud a d’fhág gur glacadh leis an rún.[2] (Níos déanaí, vótáil Orban i gcoinne pacáiste fóirithinte – gur fiú €50bn é - a thabhairt don Úcráin).

Léirigh pobalbhreith a rinneadh i sé bhallstáit de chuid an AE go raibh scoilt i measc an phobail faoi mhéadú an AE. Ní raibh móramh ann ar son ballraíocht a thabhairt d’aon cheann de na tíortha a bhí ag iarraidh bheith istigh ach bhí meon níos ‘oscailte’ ag daoine i dtaobh na hÚcráine, an Mholdóiv agus Montainéagró.[3]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 "An tAontas Eorpach le tús a chur le cainteanna ballraíochta leis an Úcráin" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-12-14). Dáta rochtana: 2023-12-14.
  2. Nuacht RTÉ (2023-12-15). "Bac curtha ag an Ungáir ar thuilleadh maoinithe don Úcráin" (as ga). 
  3. Tuairisc (2023-12-14). "Cainteanna ballraíochta don AE le plé ag ceannairí an AE sa Bhruiséil" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-12-16.