Ceann amháin de 32 Roinn (Spáinnis: Departamentos) de chuid na Colóime is ea Arauca. Tá sé suite i bhfad ó thuaidh ón réigiún Orinoco sa Cholóim. Tá a hainm díorthaithe ó ainm an éin ar a dtugtar Arauco, agus tugtar an t-ainm céanna ar phríomhbhaile na Ranna freisin.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilArauca
Departamento de Arauca (es) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Hoy busco libertad para tí» Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 6°37′N 70°59′W / 6.62°N 70.98°W / 6.62; -70.98
Stát ceannasachan Cholóim Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairArauca Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán294,206 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús12.35 hab./km²
Teanga oifigiúilan Spáinnis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla23,818 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde132 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú1991
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht feidhmiúcháinoffice of the governor of Arauca department (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachdepartmental assembly of Arauca (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• Governor of Arauca Department (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataRicardo Alvarado Bestene (en) Aistrigh (2016–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Cód ISO 3166-2CO-ARA Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinarauca.gov.co Cuir in eagar ar Wikidata

Is é 23,818 km ² achar an limistéir agus tá teorainn aici sa tuaisceart agus san oirthear le Veiniséala, sa deisceart scoilteann na haibhneacha Río Casanare agus Río Meta í ó na ranna Vichada agus Casanare. San iarthar tá teorainn aici le Boyacá. Tá Arauca roinnte ina seacht mbardas: Arauca (an phríomhchathair), Arauquita, Cravo Norte, Fortul, Puerto Rondón, Saravena agus Tamea.

Stair cuir in eagar

Tháinig an chéad conquistador Nicholas de Federman go dtí an dúiche seo sa bhliain 1539, in éineacht le Jorge de Espira, agus iad ag dul trí sléibhte an oirthir (la cordillera oriental). Sa bhliain, bhog misean na nÍosánachna isteach san bhforaois i tailte treibhe na mbundúchasach, sé sin, na Guahibos, Tunebos, Aericos agus Chiricoas, agus bhunaigh siad bailte nua.

San ochtú haois déag, dhíbir Fear Ionad an Rí, Pedro Mesía de la Zerdat, na hÍosánaigh as an réigiún agus chuir sé misinéirí Agaistíneacha ina n-áit agus bhunaigh siad cúig ionad caiticeasma: Soledad del Cravo, San Javier de Cuiloto, San José del Ele, San Joaquín de Lipa agus San Fernando de Arauca.

Nótaí cuir in eagar