Is éard a bhí i gceist le hArd-Fheis Nürnberg ná Ard-Fheis Pháirtí Náisiúnta Sóisialach Lucht Oibre na Gearmáine, is é sin, na Naitsithe. Sna blianta 1923-1938, bhí sé de nós ag na Naitsithe teacht le chéile in Nürnberg, agus nuair a tháinig siad i gcumhacht sa bhliain 1933, d'fhás agus d'fhorbair an Ard-Fheis dá réir. Stáitsíodh na hArd-Fheiseanna mar imeachtaí móra bolscaireachta, agus deasghnátha dúisitheacha ar cois le cuma chinniúnach a chur ar na himeachtaí. Sna blianta 1933 agus 1934, scannánaigh an stiúrthóir cáiliúil mná Leni Riefenstahl na hArd-Fheiseanna, agus stáitsíodh na himeachtaí le taobhshúil ar an scannánú, Der Sieg des Glaubens ("Bua an Chreidimh") a bhí ar an gcéad scannán, ach baineadh an ceann sin den chúrsaíocht nuair a cuireadh Ernst Röhm agus ceannairí eile an SA chun báis. Bhí clú agus cáil ar scannán na bliana 1934, Triumph des Willens ("Caithréim na Tola"), áfach, agus tá léirmheastóirí scannán an lae inniu féin barúlach go bhfuil fiúntas scannánaíochta ag baint leis an saothar sin cé gur bolscaireacht Naitsíoch atá ann.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtArd-Fheis Nürnberg
Íomhá
CineálParty conference (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TírPoblacht Weimar agus Gearmáin na Naitsithe Cuir in eagar ar Wikidata
EagraíPáirtí na Naitsithe Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid


Hitler ag caint i Nürnberg sa bhliain 1933

Ard-Fheiseanna Nürnberg cuir in eagar

Ba nós leis na Naitsithe ainmneacha a thabhairt ar na hArd-Fheiseanna a bhí bainteach le himeachtaí náisiúnta go gairid roimh an Ard-Fheis

  1. 1923 - Céad Chomhdháil an Pháirtí; München, 27 Eanáir 1923.
  2. 1923 - "Lá na hArd-Fheise Gearmánaí", Nürnberg, 1 Meán Fómhair 1923.
  3. 1926 - Dara Comhdháil an Pháirtí; Comhdháil Athbhunaithe an Pháirtí, Weimar, 4 Iúl 1926.
  4. 1927 - Tríú Comhdháil an Pháirtí; Lá na Muscailte, Nürnberg, an 20 Lúnasa 1927; rinneadh an scannán bolscaireachta Eine Symphonie des Kampfwillens ("Siansa don Fhonn Troda") ag an Ard-Fheis seo.
  5. 1929 - Ceathrú Comhdháil an Pháirtí; Lá an tSuaimhnis, Nürnberg, an 2 Lúnasa 1929; rinneadh an scannán bolscaireachta Der Nürnberger Parteitag der NSDAP ("Ard-Fheis an NSDAP i Nürnberg") ag an Ard-Fheis seo.
  6. 1933 - Cúigiú Comhdháil an Pháirtí. Baisteadh "Ard-Fheis an Bhua" (Reichsparteitag des Sieges) ar an gceann seo, ó bhí an páirtí díreach tar éis an chumhacht a ghabháil agus deireadh a chur le Poblacht Weimar. Rinne Leni Riefenstahl an scannán bolscaireachta úd Der Sieg des Glaubens ag an Ard-Fheis seo.
  7. 1934 - Séú Comhdháil an Pháirtí: Ní raibh aon téama ag an Ard-Fheis seo i dtús báire. Níos déanaí, áfach, tugadh "Ard-Fheis na hAontachta agus an Nirt" (Reichsparteitag der Einheit und Stärke), "Ard-Fheis na Cumhachta" (Reichsparteitag der Macht) nó "Ard-Fheis na Tola" (Reichsparteitag des Willens) uirthi. Rinne Leni Riefenstahl an scannán Triumph des Willens ag an Ard-Fheis seo.
  8. 1935 - Seachtú Comhdháil an Pháirtí; "Ard-Fheis na Saoirse" (Reichsparteitag der Freiheit). Déanann "saoirse" tagairt don tseirbhís mhíleata éigeantach a tugadh isteach le déanaí agus mar sin saoradh ó Chonradh Versailles. Rinne Leni Riefenstahl a scannán Tag der Freiheit: Unsere Wehrmacht ("Lá na Saoirse: Ár bhFórsaí Cosanta") ag an Ard-Fheis seo, agus reachtaíodh Dlíthe Nürnberg.
  9. 1936 - Ochtú Comhdháil an Pháirtí; "Ard-Fheis na hOnóra" (Reichsparteitag der Ehre): Is é an tuiscint a bhí ag lucht ceannais an NSDAP go "bhfuair an Ghearmáin a honóir ar ais", nuair a chuaigh fórsaí armtha na Gearmáine i seilbh Dhúiche na Réine in Iarthar na Gearmáine. Roimhe sin, ní raibh trúpaí armtha ar bith ag an nGearmáin sa chuid sin den tír, ó nach raibh sé ceadaithe i gconradh síochána Versailles. Rinneadh scannánú áirithe ag an Ard-Fheis seo, agus sa bhliain 1937, chuaigh cuid de na pictiúir ar an scáileán mar chuid den scannán turasóireachta Festliches Nürnberg ("Nürnberg, Cathair na bhFéilte").
  10. 1937 - Naoú Comhdháil an Pháirtí; "Ard-Fheis na hOibre" (Reichsparteitag der Arbeit). Tagairt é seo don dóigh a ndeachaigh an dífhostaíocht i laghad ó tháinig na Naitsithe i gcumhacht. Ba í an Ardeaglais Solais a thuill clú don Ard-Fheis áirithe seo. De réir mar a bhí pleanáilte ag Albert Speer, díríodh 152 sholas cuardaigh timpeall ar Zeppelinfeld (Gort Zeppelin) suas ar an spéir, ionas go sílfeá gur ballaí foirgnimh a bhí ann. Thairis sin, tháinig an Prionsa Chichibu, deartháir Impire na Seapáine, go Nürnberg le freastal ar an Ard-Fheis, mar chuid de na hiarrachtaí leis an gcaidreamh cairdiúil a spreagadh idir an Ghearmáin agus an tSeapáin a spreagadh. Na pictiúir a scannánaíodh ag an Ard-Fheis seo, chuaigh siad ar an scáileán mar chuid de Festliches Nürnberg freisin.
  11. 1938 - Deichiú Comhdháil an Pháirtí. Bhí an Ghearmáin díreach tar éis an Ostair a nascghabháil, agus mar sin, tugadh "Ard-Fheis na Gearmáine Móire" (Reichsparteitag Großdeutschland) ar an ócáid seo.
  12. 1939 - Aonú Comhdháil Déag an Pháirtí. Baisteadh "Ard-Fheis na Síochána" (Reichsparteitag des Friedens) ar an Ard-Fheis seo lena thabhairt le fios don tsaol mhór nach raibh ach síocháin ag teastáil ó mhuintir na Gearmáine. Cuireadh an Ard-Fheis seo ar ceal, áfach, nó is amhlaidh a thosaigh ionsaí na Gearmáine ar an bPolainn ar an lá roimh thús pleanáilte na hArd-Fheise (an 1 Meán Fómhair 1939). Ba í an eachtra seo a chuir tús leis an Dara Cogadh Domhanda.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar