Ardeaglais Phádraig, Ard Mhacha (Eaglais na hÉireann)

Is í Ardeaglais Phádraig, Ard Mhacha suíochán Ardeaspaigh Ard Mhacha de chuid Eaglais na hÉireann. Ba é suíochán na hEaglaise Caitlicí é go dtí aimsir an Reifirméisin.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Ardeaglais Phádraig, Ard Mhacha
Íomhá
Sonraí
CineálArdeaglais Anglacánach nó Easpagóideach
Foirgníocht445 Cuir in eagar ar Wikidata
Úsáidardeaglais Chaitliceach agus ardeaglais Anglacánach nó Easpagóideach
Tiomnaithe doNaomh Pádraig
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinArmagh City, Banbridge and Craigavon, Northern Ireland (en) Aistrigh
SuíomhArd Mhacha
Map
 54°20′52″N 6°39′22″W / 54.3479°N 6.65615°W / 54.3479; -6.65615
Foirgneamh liostaithe Ghrád A
AitheantóirHB15/20/001
Gníomhaíocht
DeoiseDiocese of Armagh (en) Aistrigh
ReiligiúnEaglais na hÉireann
Suíomh gréasáin oifigiúilstpatricks-cathedral.org
Leacht ar an bhall thiar taobh amuigh den Chroslann Thuaidh i gcoimhne Brian Bóirmhe, Ard-Rí na hÉireann

Stair cuir in eagar

De réir traidisiúin, sa bhliain 445, thóg Naomh Pádraig eaglais chloiche ar an chnoc ar a dtugtaí an Droim Saileach. Tógadh ceann de na mórscoileanna mainistreacha ba mhó clú agus cáil in Éirinn ann agus thriall mic léinn uirthi ó cheithre hairde na hEorpa, Bhí léirscrios déanta ar an Ardeaglais agus an láthair naofa, ar a laghad 17 uair lena linn, ach rinneadh í a athchóiriú, i gcónaí, ina dhiaidh. Sa bhliain 1268, mhéadaigh an tArdeaspag Ó Scanláin an teach pobail agus thug seo an leagan amach dó mar atá anois. Rinne an tArdeaspag Tiarna John George Beresford agus an t-ailtire Lewis Nockalls Cottingham an mór-athchóiriú deireanach dó, idir na blianta 1834 agus 1840.

 
Bunchló urlár na talún, Ardeaglais Phádraig( Eaglais na hÉireann)

Nithe stairiúla cuir in eagar

Tá na nithe seo a leanas ar thaispeáint san Ardeaglais;

  • Dealbh de Sir Thomas Molyneaux M.D. ó Castledillon, Cill Dara, arna dhéanamh ag Roubillac ( 1695-1762).
  • Codanna de chros ársa Ceilteach ón 11 ú haois, a bhí ina sheasamh tráth ar shleas an chnoic taobh thoir den Ardeaglais.
  • Leach i gcuimhne an Déan Peter Drelincourt. a rugadh i sa bhliain 1644, arna dhéanamh ag Rysbrack, an delabhadóir clúiteach.
  • 'Cathaoir Bramhall' ón bhliain 1661, tabhartas ón ardeaspag John Bramhall ((1594—1663).
  • Léachtán prais ón bhliain 1879, tabhartas Chichester Samuel Parkinson-Fortescue, an Dara Tiarna Clermont (1823-1898).
  • Séipéal Míleata sa Chroslann Dheas, i gcuimhne na Royal Irish Fusiliers ata anois cósnaimthe leis an Royal Irish Regiment.
  • Dealbh bhrás den Phríomhaidh Richard Robinson ( 1765-94), arna dhéanamh ag Nollekins.
  • Fear Thíon Re Ghaoith.
  • Umar baistí ar cóip e de chloch shnoite aisteach ochtagánach a fuarthas seacht dtroigh faoin talamh cóngarach do dhoras thiar na hArdeaglaise sa bhliain 1805. An t-ailtire L.N. Cottingham a dhear é sa bhliain 1834.
  • Leacht ar an bhalla thoir taobh amuigh den Chroslann Thuaidh i gcuimhne Brian fir1 Bóramha.

Seirbhísí cuir in eagar

  • An Domhnach: 10.00 r.n., 11.00 r.n., 3.15 i,n,
  • Laethanta na seachtaine: 9.30 r.n.
  • Céad Satharn: 6.00 i.n.

Adhlacthaí cuir in eagar

Orgán and Orgánaithe cuir in eagar

Orgán cuir in eagar

Sonraí an orgáin ó an 'National Pipe Organ Register'.[nasc briste go buan]

Orgánaithe cuir in eagar

  • 1634 Richard Galway
  • 1661 John Hawkshaw
  • 1695 Robert Hodge
  • 1711 William Toole
  • 1722 Samuel Bettridge
  • 1752 John Woffington
  • 1759 Robert Barnes
  • 1776 Langrishe Doyle
  • 1782 Richard Langdon
  • 1794 John Clarke Whitfield
  • 1797 John Jones
  • 1816 Frederick Horncastle
  • 1823 Robert Turle
  • 1872 Thomas Marks
  • 1917 G. H. P. Hewson
  • 1920 Edred Chaundy
  • 1935 Reginald West
  • 1951 Frederick Carter
  • 1966 Christopher Phelps
  • 1968 Martin White
  • 2002 Theo Saunders

Naisc sheachtracha cuir in eagar