Is é an t-argón dúil cheimiceach uimhir a 18, agus is é an tsiombail cheimiceach atá aige ná Ar. Is triathghás é, agus é i bhfad níos coitianta sa dúlra ná na triathgháis eile, nó is é an céatadán atá aige ná 0.934 % den atmaisféar (de réir na toirte, níos mó ná a haon faoin gcéad de réir an mheáchain). Mar is dual do na triathgháis, tá ochtréad iomlán de leictreoin ar an sceall is faide amuigh aige, rud a chiallaíonn nach bhfuil gá aige le himoibriú a dhéanamh ná naisc a cheangal leis na dúile eile. Is féidir dul i dtuilleamaí an fhluairín le comhdhúile argóin a chruthú, ach bíonn na comhdhúile seo an-éagobhsaí. Tugann áirimh theoriciúla le fios gur chóir go mbeadh comhdhúile áirithe ag an argón a bheadh cobhsaí, fiú le gnáth-theocht an tseomra, ach níor éirigh le haon cheimiceoir na comhdhúile teoiriciúla seo a shintéisiú. Úsáidtear teocht tríphointe an argóin (83.8058 K) mar chaighdeán ar scála idirnáisiúnta na teochta ón mbliain 1990 i leith.

WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachArgón

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach agus gás
Argón sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachAr
Uimhir adamhach18
Mais adamhach39.95
Cumraíocht leictreon1s² 2s² 2p⁶ 3s² 3p⁶ agus [Ne] 3s² 3p⁶
Peiriad, Grúpapeiread 3
triathgháis
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Leáphointe−189.34
Fiuchphointe−185.85
Stair
AimsitheoirWilliam Ramsay agus An Tiarna Rayleigh
Fionnachtain1894
Eapainmlaziness (en) Aistrigh

Tá trí iseatóp cobhsaí ag an argón, mar atá, 40Ar (99.604 % d'argón an dúlra), 38Ar (0.063 %), agus 36Ar (0.334 %). Is toradh do bheite-mheath radaighníomhach an iseatóip úd 40K den photaisiam é an t-iseatóp is coitianta de chuid an argóin.

Baintear úsáid as argón i bhfoirm leachta i gcrió-mháinliacht - is é sin, cuisnítear na cealla ailse le hargón fuar. Is é an t-argón an triathghás is coitianta agus an ceann is saoire, nó faightear mar sheachthoradh é nuair a bhítear ag scaradh na nítrigine agus na hocsaigine le chéile. Mar sin, is é an triathghás is mó a úsáidtear, fiú le freastal ar riachtanaisí a mbeadh triathghás éigin eile ní b'fhóirsteanaí dóibh.

Tagairtí cuir in eagar