Ba é Armia Krajowa, nó An tArm Intíre, an ghluaiseacht frithbheartaíochta ba mhó sa Pholainn i rith an Dara Cogadh Domhanda. Ba é Związek Walki Zbrojnej ("Aontas na Gleice Armtha") ba chéadsíol leis an Arm Intíre, agus fuair sé an t-ainm nua i Mí Feabhra 1942. Ina dhiaidh sin, chuaigh an chuid ba mhó de na gluaiseachtaí frithbheartaíochta leis an Arm Intíre. D'fhan an tArm dílis don rialtas émigré i Sasana, agus is gnách dearcadh air mar arm na Polainne Rúnda i rith an chogaidh. Is deacair a rá cé mhéad treallchogaithe a bhí ann ar fad, ach is dócha go raibh líon na saighdiúirí rúnda seo idir 200,000 agus 600,000. Scoireadh an tArm Intíre ar an 20 Eanáir 1945, nuair a bhí an chuid ba mhó de na Gearmánaigh bailithe leo agus iad ag teitheadh roimh an Arm Sóivéadach.

Bosca Sonraí EagraíochtaArmia Krajowa
Sonraí
Cineáleagraíocht armtha
gluaiseacht frithbheartaíochta
brainse míleata Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1942
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte1945 Cuir in eagar ar Wikidata
Séadchomhartha cuimhneacháin, Rzeszów, An Pholainn

Ba é an Kotwica suaitheantas agus siombail an Airm. Siombail is ea é atá ag breathnú cosúil le hancaire (kotwica as Polainnis), agus í curtha le chéile as na litreacha P agus W a sheasann do na focail Polska Walcząca - "An Pholainn ag Troid".