Arthur Miller

drámadóir Meiriceánach

Údar agus drámadóir Meiriceánach ba ea Arthur Asher Miller (17 Deireadh Fómhair, 191510 Feabhra, 2005). Fathach de chuid litríocht agus saol intleachtúil na Stát Aontaithe, gníomhach níos mó ná seasca bliain, agus ar na drámadóirí is fearr dár tháinig as an tír sin riamh. Samplaí de na drámaí cáiliúla a scríobh sé iad The Crucible, A View from the Bridge, All My Sons agus Death of a Salesman. Bronnadh a lán duaiseanna ar Miller i rith a shaoil, mar shampla an Duais Pulitzer sa Litríocht.

Infotaula de personaArthur Miller

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Arthur Asher Miller
17 Deireadh Fómhair 1915
Nua-Eabhrac, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Bás10 Feabhra 2005
89 bliana d'aois
Roxbury, Connecticut Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Cliseadh croí, galar cardashoithíoch agus ailse)
Áit adhlacthaGreat Oak Cemetery (en) Aistrigh
Connecticut Cuir in eagar ar Wikidata
Uachtarán PEN International (en) Aistrigh
1966 – 1969
← Victor van VrieslandPierre Emmanuel (en) Aistrigh → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Giúdachas
Scoil a d'fhreastail sé/síArdscoil Abraham Lincoln - dioplóma ardscoile (–1932)
Ollscoil Michigan - céim bhaitsiléara (–1938) Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheNua-Eabhrac
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Gairmdrámadóir, úrscéalaí, scríbhneoir, iriseoir, scríbhneoir aistí, scríbhneoir scripte, scríbhneoir próis Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1935 –
Ball de
GluaiseachtRéalachas liteartha
Faoi thionchar
Ainm cleiteJonathan Lovelett Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileMary Slattery (1940–1956)
Marilyn Monroe (1956–1961)
Inge Morath (1962–2002) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteRebecca Miller
 ( Inge Morath)
Jane Ellen Miller
 ( Mary Slattery)
Robert A. Miller
 ( Mary Slattery) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairIsidore Miller  agus Augusta Barnett
SiblínJoan Copeland
Duine muintearthaDaniel Day-Lewis (mac cleamhnais) Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú

Suíomh gréasáinibiblio.org… Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0007186 Allocine: 34843 Allmovie: p212205 TV.com: people/arthur-miller-1 IBDB: 4316
iTunes: 138617003 Discogs: 511729 Find a Grave: 10457606 Cuir in eagar ar Wikidata
pósta le Marilyn Monroe in 1956

Saol cuir in eagar

Saolaíodh Arthur Miller i Harlem, i gCathair Nua-Eabhrac ar 17 Deireadh Fómhair 1915. Bhí sé ar an dara mac dár rugadh d'Isidore agus Augusta Miller, ar Ghiúdaigh de bhunadh na Polainne iad. Teaghlach meánaicme a bhí iontu. Ba gúnadóir é athair Miller agus bhí an gnó teaghlaigh sin thíos go mór leis an Spealadh Mór a tharla sa bhliain 1929. Bhog an teaghlach go háit chónaithe a bhí ní ba shaoire i mBrooklyn an bhliain sin. Aithnítear i gcoitinne go raibh tionchar mór ag an gcruachás sin ar scríbhneoireacht Miller ina dhiaidh sin.

 
Marilyn Monroe agus Arthur Miller, Paris Ball 1957

Ní raibh a ndóthain airgid ag muintir Miller chun an fear óg a chur chun na hollscoile, rud a chiallaigh go raibh air gnáthphost a fháil tar éis dó an mheánscoil a chríochnú sa bhliain 1932. Chaith sé dhá bhliain ag sclábhaíocht i bpostanna suaracha sular éirigh leis scoláireacht a bhaint amach le haghaidh Ollscoil Michigan sa bhliain 1934, áit a ndearna sé staidéar ar iriseoireacht, chomh maith le bheith ina eagarthóir oíche ar nuachtán na mac léinn san ollscoil. Chaith sé tréimhse ag staidéar an Bhéarla chomh maith, cúrsa inar dhírigh sé ar dhrámaíocht faoi Kenneth Rowe.

Chuir Miller suim ar leith i ndrámaí Ibsen le linn na tréimhse seo agus bhí tionchar ollmhór ag an drámadóir Ioruach sin ar a chuid scríbhneoireacht ón am sin i leith. Scríobh sé dhá dhráma i rith na tréimhse sin, mar atá, No Villian agus Honors at Dawn.

 
1961

Mná cuir in eagar

Phós Miller trí huaire. Ba í Mary Slattery an chéad bhean chéile aige. Phós siad sa bhliain 1940 agus fuair siad colscaradh sa bhliain 1956.

Bhí clú ar Miller freisin mar gheall ar é a bheith pósta leis an aisteoir clúiteach Marilyn Monroe idir 1956 agus 1961.

Bhuail sé leis an tríú bean chéile aige, an grianghrafadóir Inge Morath, ar sheit an scannáin The Misfits. Phós siad sa bhliain 1962, tar éis dó colscaradh a fháil ó Monroe. Mhair an pósadh sin go dtí go bhfuair Inge bás sa bhliain 2002.

Bás cuir in eagar

Cailleadh é i mí Feabhra 2005, 89 bliain d'aois i Rockford, Connecticut, nuair a theip ar a chroí.

 
1966

Saothar cuir in eagar

Drámaí cuir in eagar

Obair eile cuir in eagar

 

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar