Is comhphobal féinrialaithe é Asturias (nó Asturies as Astúiris) laistigh de ríocht na Spáinne.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAsturias
Principado de Asturias (es)
Principáu d'Asturies (ast) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnAsturias, Patria querida Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Hoc signo tuetur pius. Hoc signo vincitur inimicus.» Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósPrionsacht Asturias Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 43°21′41″N 5°50′52″W / 43.3614°N 5.8478°W / 43.3614; -5.8478
Stát ceannasachan Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairOviedo Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán1,011,792 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús95.42 hab./km²
Teanga oifigiúilan Spáinnis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deGreen Spain (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla10,603.57 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn Mhuir Chantabrach Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeTorre Cerredo (en) Aistrigh (2,648 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleleibhéal na farraige (0 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Saoire phoiblí
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht feidhmiúcháinGovernment of the Principality of Asturias (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachGeneral Junta of the Principality of Asturias (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• President of the Principality of Asturias (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataAdrián Barbón (2019–) Cuir in eagar ar Wikidata
Údarás breithiúnach is airdeArd-Chúirt Bhreithiúnais Asturias Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Cód ISO 3166-2ES-AS Cuir in eagar ar Wikidata
Cód NUTSES12 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinasturias.es Cuir in eagar ar Wikidata

Tá Asturias suite ar chósta thuaidh na Spáinne lena aghaidh ar Bhá na Bioscáine. Tá sé teorainn ar theorainn le Cantabria san oirthear, le Castilla y León ó dheas agus le Galicia san iarthar.

Is iad na cathracha is tábhachtaí ná, an phríomhchathair, Oviedo (Uviéu as Astúiris), an calafort agus an chathair is mó sa réigiún Gijón (Xixón as Astúiris), agus an baile tionsclaíochta, Avilés.

Bailte eile: Mieres, Langreo, Siero, Cangas de Onís, Cangas del Narcea, Grado, Lena, Laviana, El Entrego, Villaviciosa, agus Llanes.

Stair cuir in eagar

Cé gur thóg na Rómhánaigh an áit faoi Augustus, agus na Viseagotaigh sa 5ú haois, níor thóg na Moslamaigh an talamh ar an gcósta thuaidh, de bharr an tírdhreach sléibhtiúil. B'ait é le éalaigh uathu san 8ú haois.

Is é an réigiún (go háirithe tar éis bhunú Ríocht Asturias (Regnum Asturorum) inar tosaíodh an An Athghabháil (Reconquista). Níor éirigh leis na Moslamaigh an réigiún seo a thógáil go háirithe i ndiaidh chath Covadonga sa bhliain 722.

D'fhás an Ríocht ó shin, agus bhailigh Críostaí san áit. Tar éis tamaill le meath Al Andalus, bhí an ríocht in ann méadú.

Ón ochtú haois déag, tháinig meath ar Asturias ó an 16ú haois. Mar sin, bhí baint mhór ag Asturias le coilíniú sa Domhan Nua.

Bhí an áit páirteach go mór in eachtraí Cogadh Cathartha na Spáinne. Sa bhliain 1934, d’éirigh an lucht oibre den eite chlé amach in aghaidh rialtas Dara Phoblacht na Spáinne (a bhí ar an eite dheas). Tháinig fórsaí ó choilíneachtaí san Afraic Thuaidh, faoi Francisco Franco leis an réabhlóid a chuir faoi chois. Dá bharr d’fhan sé dílis don rialtas poblachtánach daonlathach i rith an chogaidh cathartha. Tá scéalta iontach faoi chosaint na háite mar shampla ag Cath el Mazuco.

Nuair a chuir Franco an tír faoi smacht, glaodh Cúige Oibhiedió, toisc an gaol idir an áit agus an ríochas, go dtí bás Franco sa bhliain 1975. Tugadh an t-ainm ar ais nuair a áth-bhunú daonlathas sa tír sa bhliain 1977.

Sa bhliain 1982 rinneadh réigiún comhphobal féinrialaitheach den áit le struchtúr nua dírialaithe faoin mbunreacht nua. Ón bhliain 1999 b'é Vicente Álvarez Areces ón bpáirtí Sóisialach, Lucht Oibre (PSOE), Uachtaráin Rialtas Asturias.

Tíreolas cuir in eagar

 
Picos de Europa, ó Parque Natural de Redes. Nollaig 2004

Cruthaíonn sléibhte Cantabria (Cordillera Cantábrica) teorainn nádúrtha leis an gCúige Castille y León ó dheas. Sna sléibhte in oirthear pháirc náisiúnta Picos de Europa, tá na sléibhte is mó ag dul chomh hard le 2,648 méadar (8,688 throigh) ag an bhinn Torrecerredo.

Tá an Parque Natural de Redes sa meánoirthear, na Ubiñas lárnach (taobh theas de Oviedo) agus Parque Natural de Somiedo san iarthar. Leis na sléibhte seo tá deiseanna iontacha dreapadóireachta. Tá siad 200 ciliméadar ar fad ina iomláine agus téann siad chomh fada le Galicia san Iarthar agus Cantabria san oirthear.

 
Playa de Ballota, in aice Andrin, Llanes. Meitheamh 2005

cósta mór ag Asturias, leis na céadta trá, aill agus pluaiseanna (tá cuid mhaith den talamh déanta as aolchloch). Ina measc ná Playa del Silencio (Trá Ciúin), in aice an tsráidbhaile iascaireachta Cudillero (thaobh thiar de Gijón). Chomh maith leis sin tá tóir ar na tránna timpeall an ionaid saoire Llanes, mar shampla Barro agus Ballota.

Aimsir cuir in eagar

Tá an aimsir níos ilghnéitheach, cosúil le tuaisceart na Spáinne go ginearálta, ná deisceart na tíre. Bíonn an samhradh teo, tais acu, lena lán gréine, le giota beag báisteach. Bíonn an gheimhreadh measairthe séimh, le amantaí fuair, go háirithe sna sléibhte, ait in a mbíonn sneachta ó Mí na Samhna go mí Bealtaine. Deirtear go bhfuil Asturias mar chuid den “Spáinn Glas”, toisc an méid glas atá le feiceáil i gcomparáid le cuid eile na tíre.

Turasóireacht agus Fámaireacht cuir in eagar

 
Ardeaglais Oviedo agus an Plaza. Aibreán 2005

Tá a lán staire i bpríomhchathair Asturias, Oveido, mar shampla an eaglais Santa María del Naranco agus an caisleán San Miguel de Lillo, den stíl réamh- rómhánach, a tógadh ar an sliabh Naranco, i rith am na chéad Ríthe Asturias ó thuaidh den chathair. Freisin i bpáirc náisiúnta Picos de Europa tá chuid den sliabhraon de Asturias.

Tá sliabh cáiliúil darbh ainm Picu Urriellu (2519 m nó 8262 tr), ann le cruth cosúil le cúlfhiacail a lonraíonn oráiste faoi lonn na gréine sa tráthnóna. Ag brath ar an aimsir is féidir é a fheiceáil go soiléir ón sráidbhaile Camarmeña, ina aice Poncebos, taobh theas de Arenas de Cabrales.

Tá scrín don Mhaighdean Mhuire i Covadonga agus na loch sléibhe (Los Lagos), in aice Cangas de Onís. Tá finscéalta ann go bheannaigh an Mhaighdean Mhuire fórsaí na Críostaí Asturias, roimh cath áirithe thug sí comhartha ag an am cruinn le teacht aniar aduaidh ar fórsaí na Moslamach. Deirtear gur tosóidh an Reconquista agus aontú na Spáinne ar deireadh, san ait seo.

Aonaid Riaracháin Asturias cuir in eagar

Níl ann ach an cúige amháin sa réigiún agus tá ocht gcomhairlí chontaetha ann; 78 Bardais nó consejos ina measc. Seo iad a leanas na cathracha agus bailte is mó in Asturias:

Cathracha agus Bailte in Asturias de réir daonra (2017)
Uimhir Cathair Contae Daonra  
Gijón
 
Oviedo
 
Avilés
 
Siero
1 Gijón Gijón 272,365
2 Oviedo Oviedo 220,301
3 Avilés Avilés 79,514
4 Siero Oviedo 51,776
5 Langreo Nalón 40,529
6 Mieres Caudal 38,962
7 Castrillón Avilés 22,490
8 San Martín del Rey Aurelio Nalón 16,541
9 Corvera de Asturias Avilés 15,871
10 Villaviciosa Gijón 14,455

Teanga cuir in eagar

Is í Spáinnis an t-aon teanga oifigiúil sa cheantar. Tá an teanga Astúiris labhartha freisin agus tá cosaint sa dlí aige, Ley 1/1998, de 23 de marzo, de uso y promoción del bable/asturiano (Dlí 1/1998, 23 Márta, de úsáid agus chuir chun cinn Bable/Astúiris). Úsáideann an státseirbhís é uaireanta agus tá deiseanna ag daltaí agus mic léinn staidéir a dhéanamh uirthi ar scoil agus san Ollscoil. In iarthar an chúige, labhraítear Eonaviego freisin, agus tá an teanga seo clúdaithe faoin dlí 1/1998 chomh maith. Tá díospóireachtaí ann, faoi stádas na teanga seo áfach. Tá easaontas an chanúint leanúnach é, nó cineál cánúint ón dteanga Gailísis. Is beag úsáid a bhaintear as an dteanga seo i riarachán Asturias, i gcomparáid le, mar shampla, Astúiris. Tá na húdaráis ag athrú ainmneacha áitiúla díog ar ndíog go sean Astúiris agus Eonaviego.

Ceol cuir in eagar

 
Píobaí Asturias

Ar ndóigh tá gnéithe de chultúr agus cheol ceilteach fós le cloisteáil in Asturias. Is iad na Píobaí Asturias, nó an gaita an uirlis cheoil is mó cáil air i gceol traidisiúnta Asturias. Tá dos aonarach acu mar aon lena píobaí eile i gceol traidisiúnta náisiúin ceilteacha eile. Seintear druma láimhe, feadóg agus bosca cheol leo go minic. Le roinnt blianta anaus tá athbheochan suime i gceol traidisiúnta na háite

Amhrán Réigiúnach

Bhí an t-amhrán réigiúnach Asturias, patria querida (Asturias, mo thír ionúin) an-cháiliúil agus glacadh é mar amhrán oifigiúil don Ley 1/1984, de 27 de Abríl. Dúradh gur amhrán do dhaoine ólta é, ach i ndáiríre níl sé seo fíor. Dúirt na fórsaí Náisiúnacha (fórsaí Franco) é seo chun chaitheamh anuas ar Asturias toisc gur d’fhás an t-amhrán as na h-oibrithe sna mianaigh - cliabhán chumannachas sa Spáinn - d’úsáid taobh na bpoblachtánach (sa chogadh cathartha agus Éirí amach na mianadóirí) an t-amhrán le athruithe beaga.

Tagairtí cuir in eagar



Comhphobail fhéinrialaitheacha na Spáinne
 

An Andalúis | Aragón | Asturias | Na hOileáin Bhailéaracha | Tír na mBascach Theas | Cantabria | Castilla-La Mancha | Castilla y León | Na hOileáin Chanáracha | An Chatalóin | Extremadura | An Ghailís | La Rioja | Comhphobal Mhaidrid | Murcia | Navarra | Comhphobal Valencia

Cathracha fhéinrialaitheacha na Spáinne

Ceuta · Melilla