Gluaiseacht chun an ailtireacht Ghotach a athbheochan go déanach sa 18ú céad is sa 19ú céad sa Bhreatain, Éire, an Fhrainc, an Ghearmáin is Meiriceá Thuaidh. Bhain sí le scríbhinní John Ruskin is Pugin agus na cuimhní a dhúisigh siad ar chúinsí sóisialta is spioradálta na Meánaoise. Measadh go raibh an stíl sin oiriúnach go príomha d'eaglaisí — cosúil le St Denys-de-l'Estrée (1864-1867) de chuid an ailtire Viollet-le-Duc, agus Ardeaglais Phádraig i gCathair Nua-Eabhrac—ach cuireadh i bhfeidhm í i raon leathan foirgneamh: stáisiúin traenach, óstáin, hallaí baile, foirgnimh cuimhneacháin is tithe parlaiminte i Londain, Búdaipeist is Ottawa.[1]

WD Bosca Sonraí Saothar EalaíneAthbheochan Ghotach

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálstíl ailtireachta
Bunaithe arailtireacht Ghotach
Athbheochan Ghotach

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Athbheochan Ghotach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 53.