Is éard atá i gceist le hathléiriú na staire ná cineál cluiche rólghlactha le gnéithe d'imeachtaí staire ar leith nó de thréimhse staire ar leith a athchruthú. Is féidir nach bhfuil i gceist ach cath amháin nó cogadh amháin, cuir i gcás, ach is féidir an t-athléiriú a dhéanamh ar scála níos fairsinge.

Athléiriú staire (Cogadh Cathartha SAM)

Ní smaoineamh nua ann féin é an t-athléiriú staire. Sna Meánaoiseanna féin, d'fhéadfadh na ridirí aithris a dhéanamh ar na sean-Rómhánaigh agus iad ag dul ar turnaimint. Maidir leis na Rómhánaigh, ba nós leo athléiriú a dhéanamh, abair, ar chathanna aithnidiúla a staire féin ina gcuid amfaitéatar. I ré an Victeoirianachais, bhí sé faiseanta aithris a dhéanamh ar throscán is ar thaipéisí na Meánaoiseanna. Sna laethanta a bhí, áfach, theastaigh ó na daoine leas polaitiúil éigin a bhaint as na himeachtaí sin. Mar shampla, d'fhéadfadh aicmí ceannais na sochaí imeachtaí den chineál seo a mhaoiniú ar acht is go gcuirfí béim ar dhlisteanacht stairiúil a gcumhachta féin sa tír. Rud nua is ea é go ndéanann daoine athléiriú ar shaol na laethanta a bhí toisc go bhfuil suim acu sa stair, agus iad ag iarraidh eolas a scaipeadh i measc na cosmhuintire i dtaobh na staire.