An tslí a gcritheann córas meicniúil as cuimse ag minicíocht ar leith nuair a fheidhmíonn córas nó réad eile air le fórsa ascalach tréimhsiúil. Samplaí is ea cnagadh fuinneoige i ngluaisteán de bharr rothlú an innill ag luas áirithe, nó durdam buidéil i gcuisneoir de bharr an mhótair ann. Tá athshondas leictreach ann freisin, is baintear feidhm as ciorcad tiúnta, ar féidir a mhinicíocht athshondach a athrú, i ngléas raidió nó teilifíse chun tiúnadh don tsainmhinicíocht a tharchuirtear ón stáisiún raidió. Baintear feidhm as athshondas sa luainíocht sna núicléis sa chóras íomháithe sa mhíochaine a dtugtar íomháú trí athshondas núicléach maighnéadach air, agus sa chóras anailíse ceimice den ainm céanna.[1]

Athshondas

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Athshondas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 54.