Sa teangeolaíocht is éard is bás teanga (freisin díobhadh teangamúchadh teanga) ann ná próiseas a théann i bhfeidhm i bpobal urlabhra ina laghdaítear leibhéal inniúlachta teanga na gcainteoirí go dtí sa deireadh go mbíonn mar thoradh air nach bhfuil cainteoirí dúchais fágtha agus / nó líofa. Is féidir le bás teanga dul i bhfeidhm ar leagan cainte pearsanta, lena n-áirítear canúintí agus teangacha.

Níor chóir bás teanga a mheascadh le creimeadh teanga (ar a dtugtar freisin caillteanas teanga) a chuireann síos ar chaillteanas na hinniúlachta teanga ag leibhéal an duine aonair.

Cineálacha báis teanga cuir in eagar

Is féidir bás teanga a bheith léirithe i gceann amháin de na slite seo a leanas:

  • bás teanga a theacht de réir a chéile.
  • bás teanga a theacht ó bhun-go-barr : nuair a thosaíonn athrú ar theanga ag leibhéal íseal, mar shampla 'ar leic na tine'.
  • bás teanga a theacht ó bharr-go-bun: nuair a thosaíonn athrú ar theanga ag leibhéal ard, mar shampla 'an rialtas'.
  • bás radacach teanga.
  • teangamharú; (An Fhraincis:Linguicide) nuair a thosaíonn teanga ag fáil bháis go tobann, m.sh. bás teanga de bharr an chinedhíothaithe)