Béal na Blá
Is sráidbhaile in Iarthar Chorcaí é Béal na Blá[1][2] (Béarla: Bealnabla).
Béal na Blá | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Mumhan | |||
Contae in Éirinn | Contae Chorcaí | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 1167096 |
Stair cuir in eagar
Is i nGleann na Ruaige (Glannarouge East),[3] 1.5km ó Bhéal na Blá, a maraíodh Mícheál Ó Coileáin i luíochán sa bhliain 1922.[4] Thiomáin a thionlacan isteach i ngaiste a chuir na frith-Conraitheoirí áitiúla roimh. D'ordaigh an Coileánach do lucht a thionlactha stad agus an lámhach a fhreagairt, in áit tiomáint ar aghaidh agus é féin a choinneáil go sábháilte istigh ina charr armúrtha, mar ab fhearr leis an bhfear a bhí mar leathbhádóir aige, Emmet Daltún.[5]
Dealraíonn sé gur piléar strae a bhuail an Coileánach. B'eisean an t-aon duine amháin a fuair bás sa teagmháil.
Ainm cuir in eagar
Tagann blá as 'bleán'.
Tá leaganacha truaillithe ann, mar shampla Béal na mBláth, Béal na Bláth nó fiú Béal Átha na Bláiche, galldaithe Bealnabla nó Bealnablath.
Féach freisin cuir in eagar
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ “Béal na Blá/Bealnablath | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
- ↑ "Béal na Blá/Bealnablath" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2022-08-21.
- ↑ "Gleann na Ruaige Thoir/Glannarouge East" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2022-08-21.
- ↑ Marian O'Flaherty (2022-08-20). "What's in a name: Béal na Blá or Béal na Bláth?" (as en).
- ↑ "Ó COILEÁIN, Mícheál (1890–1922)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2022-08-21.