Is dúil cheimiceach shaorga é an bóiriam agus is í an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha ná Bh. Níl uimhir adamhach i gciall cheart an fhocail ag an mbóiriam, ach is í maisuimhir an iseatóip is troime atá aige, mar atá, 107, a dhéanann gnó na huimhreach adamhaí. Tá Bh-107 aon soicind amháin thar an trí scór ar leathré.

WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachBóiriam
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach agus dúile sintéiseacha
Bóiriam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachBh agus Uns
Uimhir adamhach107
Cumraíocht leictreon[Rn] 5f¹⁴ 6d⁵ 7s²
Peiriad, Grúpapeiread 7
grúpa 7
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Stair
AimsitheoirYuri Oganessian
Fionnachtain1976
EapainmNiels Bohr

Is é an bóiriam an bhall is troime de sheachtú grúpa an tábla pheiriadaigh (grúpa a 7, nó VIIB). Cé gur dúil an-éagobhsaí é an bóiriam, d'éirigh leis na heolaithe a léiriú go turgnamhach go bhfuil iompraíocht cheimiceach an bhóiriam sách cosúil le dúile eile an ghrúpa, an réiniam ach go háirithe. Glactar leis go bhfuil an staid ocsaídiúcháin úd +7 níos cobhsaí ag an mbóiriam ná ag an réiniam féin.

Tagairtí cuir in eagar