Is é is bósón ann ná cáithnín fo-adamhach a bhfuil guairne shlánuimhreach (i.e. 0, 1, 2, 3 srl) aige. Samplaí de bhósóin is ea an fótón, núicléas héiliam-4, agus an W agus an Z (na bósóin veicteora a tharchuireann an fórsa lag). I gcodarsnacht leis na feirmíóin, ní chloíonn na bósóin le prionsabal an eisiaimh, agus mar sin is féidir le dhá bhósón a bheith sa staid chandamach chéanna ar aon uain.

Bosca Sonraí CáithnínBósón
Rangúquantum particle (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
idirghníomhaíochtaíimtharraingt Cuir in eagar ar Wikidata
Frithcháithnínbósón Cuir in eagar ar Wikidata
Guairne1 Cuir in eagar ar Wikidata
Forshiméadrachtbosino (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
EapainmSatyendra Nath Bose Cuir in eagar ar Wikidata
An bhundéanamh:

██ Cuairc

██ Leaptóin

██ Bósóin

Cé gur minicí a úsáidtear an téarma bósón ag tagairt do cháithnín fo-adamhach, ní gá go bhfuil an cáithnín níos lú ná adamh i bhfírinne. Tugtar bósón ar núicléas nó ar adamh fiú go bhfuil guairne shlánuimhreach aige.

Maidir le buncháithníní fo-adamhacha, is bósóin iad na cáithníní go léir a tharchuireann fórsaí ar nós an leictreamhaighnéadais, an t-idirghníomhú láidir, agus an t-idirghníomhú lag. Is as feirmíóin a dheántar adaimh agus núicléis.

Féach Freisin cuir in eagar