BBC Gaeilge
roinn na Gaeilge in BBC Thuaisceart Éireann
Is é BBC Gaeilge an eagraíocht taobh istigh de BBC Thuaisceart Éireann a chuireann cláracha raidió agus teilifíse ar fáil trí mheán na Gaeilge.
Sonraí | |
---|---|
Cineál | craoltóir |
Rialachas corparáideach | |
Cuid de | BBC Thuaisceart Éireann |
Suíomh gréasáin | bbc.co.uk… |
Ar BBC Raidió Uladh tá clár raidió i nGaeilge, Blas, a chraoltar ón Luain go dtí an Déardaoin gach seachtain, ó 7.30 i.n. go 8.00 i.n. Bíonn 'Blas Ceoil' á chraoladh gach Déardaoin ó 8.00 i.n. go 9.00 i.n.
Díríonn Blas ar scéalta atá i mbéal an phobail á bplé ag painéal na seachtaine. Léiríonn BBC Gaeilge an clár, le láithreoirí éagsúla gach seachtain. Is iad na príomhláithreoirí ná Fearghal Mag Uiginn, Máire Bhreathnach, Dáithí Ó Muirí, agus Caoimhe ‘Chats’ Ní Chathail. Láithríonn Caoimhe ‘Ceol’ Ní Chathail an clár 'Blas Ceoil' gach Déardaoin ó 8.00 i.n. go dtí 9.00 i.n. [1] [2]
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ "Blas (Radio Ulster)" (as en) (2023-10-16). Wikipedia.
- ↑ "BBC Radio Ulster - Blas" (ga). BBC. Dáta rochtana: 2023-10-16.
Is síol faoi Thuaisceart Éireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |