Is saothróg sa ghrúpa Gemmifera de chuid na cabáistí (Brassica oleracea) í an Bhachlóg Bhuiséile, a fhástar le haghaidh a cuid bachlóga inite. Bíonn na glasraí glasa duilleacha de ghnáth 2.5-4 cm ar thrastomhas, agus amharcann si cosúil le mionchabáiste. Bhí móréileamh orthu le fada an lá sa Bhruiséil, an Bheilg agus d'fhéadfadh sé gur tháinig siad as an tír sin freisin.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoBachlóg Bhruiséile
Brassica oleracea var. gemmifera Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo debrussels sprouts (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdBrassicales
FineBrassicaceae
GéineasBrassica
SpeiceasBrassica oleracea
CineálBrassica oleracea var. gemmifera Cuir in eagar ar Wikidata
DC., 1821
Ainmníocht
Ainmnithe in ómósAn Bhruiséil Cuir in eagar ar Wikidata

Saothrú cuir in eagar

Is dócha go raibh réabhtheachtaithe na mbaclóg nua-aimseartha saothraithe san Róimh ársa. Bhí an bhachlóg Bhruiséile mar atá sí faoi láthair againn á fhás b'fhéidir, chomh luath leis an 13ú haois san áit a nglaoitear anois an Bheilg uirthi. Téann an chéad tagairt scríofa dí siar go dtí an bhliain 1587. Le linn an 16ú haois, bhí tóir nach beag uirthi i ndeisceart na hÍsiltíre agus diaidh ar ndiaidh spré an bhachlóg amach ar fud codanna Thuaisceart na hEorpa.

Fásann bachlóga Bruiséile i raon teochta 7-24 ° C, leis an táirgeacht is airde ag 15-18 ° C (59-64 ° F). Bíonn garraithe réidh le haghaidh an fhómhair 90-180 lá tar éis plandaithe. Fásann na péacáin inite cosúil le bachlóga i bpatrúin héiliciúil ar thaobh na n-gas tiubh fada a fhasann thart ar 60-120 cm ar airde. Tagann siad in aibíocht ar feadh roinnt seachtainí ón bhun aníos go dtí uachtar an ghais. Is féidir na bachlóga a bhailiú isteach de láimh i gciseáin, agus sa chás seo déantar roinnt de 5 go 15 bachlóg san am amháin nó tríd an gas ar fad a ghearradh ag an am céanna le haghaidh próiseála, nó trí bhuainteoir meicniúil a úsáid, ag brath ar a héagsúlacht. Is féidir le gach gas 1.1-1.4 kg a tháirgeadh, cé go bhfuil an tairgeadh tráchtála thart ar 900 g in aghaidh an ghais. Sa ghairdín sa bhaile, "bíonn bachlóga níos milse tar éis sioc, sioc crua."

Is saothróg iad na bachlóga Bruiséile den speiceas céanna, lena n-áirítear cabáiste, cóilis ghlas, brocailí, cál, agus cálráib; tá siad vroisiféarach (baineann siad leis an teaghlach Brassicaceae nó Cruciferae). Bíonn neart vitamín A, vitimín C, aigéid fhólaigh agus snáithín cothaitheacha acu. Thairis sin,creidtear go bhfuil siad in ann cosaint a thabhairt i gcoinne ailse drólainne, toisc go bhfuil sinigrin iontu. Cé go bhfuil comhdhúile iontu amhail goitrin, gur féidir leo gníomhú mar goitrigine a chuireann cur isteach ar tháirgeadh an hormóin thíoróidigh, ní bhíonn éifeacht ar bith acu, nuair a bhíonn méideanna réalaíoch sa réim bia, ar an fheidhm atá leis an fhaireog thíoróideach i ndaoine.

An Eoraip cuir in eagar

I roinn na hEorpa, is iad na táirgeoirí is mó ná an Ísiltír, ag 82,000 tonna méadrach, agus an Ghearmáin, ag 10,000 tonna. Tá táirgeadh na Ríochta Aontaithe inchomparáide le táirgeadh na hÍsiltíre, ach nach n-onnmhairítear é de ghnáth.

Meiriceá Thuaidh cuir in eagar

Thosaigh táirgeadh na mBachlóg Bruiséile sna Stáit Aontaithe sa 18ú haois, nuair a thug lonnaitheoirí ón Fhrainc iad go dtí Louisiana. D'fhás Thomas Jefferson iad i Monticello. Cuireadh tús leis an chéad phlandú i sa Chósta Láir, California sna 1920í, nuair a tosaíodh le táirgeadh suntasach ag tús na 1940idí. Faoi láthair tá roinnt mílte acra curtha i gceantair chósta sna Contaetha San Mateo, Santa Cruz, agus Monterey, áit a thairiscíonn meascán idéalach de cheo chósta agus teochtaí fionnuara ar feadh na bliana. Maireann séasúr an fhómhair ó mhí an Mheithimh trí mhí Eanáir. Cuirtear bachlóga freisin i mBaja California, i Meicsiceo, áit a mhaireann séasúr an fhómhair ó mhí na Nollag trí mhí an Mheithimh.


.