Dlíodóir ab ea Beauchamp Bagenal Harvey, as caisleán Bargy, i gContae Loch Garman, a bhí ina bhall de na hÉireannaigh Aontaithe.

Infotaula de personaBagenal Harvey
Beathaisnéis
Breith1762
Bás28 Meitheamh 1798
35/36 bliana d'aois
Siocair bháisPionós an bháis (Crochadh)
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmabhcóide Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Cath Ros Mhic Thriúin, le George Cruikshank ( 1792-1878.)

Saol cuir in eagar

Bhí Harvey, in aois 36, i gceannas ar na sluaite ag Cath Ros Mhic Thriúin ar an 5ú lá de mí Meitheamh 1798. Tubaiste mór ba ea an cath sin do na Gaeil, agus cuireadh isteach go mór air nuair a maraíodh céad díliseoirí i ndiaidh na chatha. Chaill Harvey smacht ar an slua.

Cúpla lá ina dhiaidh sin tháinig an tAthair Philip de Róiste i gceannas ina áit.

Rinne Harvey iarracht éalú chun na Fraince, in éineacht le John Henry Colclough, . Bhí siad i bhfolach in uaimh in Oileáin na Sailtí sular gabhadh iad.[1]

Bású cuir in eagar

Cuireadh triail ar Chornelius Grogan agus ar Bhagenal Harvey i mbaile Loch Garman ar an 27 Meitheamh. Daoradh chun báis iad an lá dár gcionn agus cuireadh iad chun bhás go díreach ar 28ú lá d'Iúil i 1798. Crochadh iad as droichead agus baineadh an cloigeann de na fir.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Charles Jackson (of Wexford.) (1799). "A Narrative of the Sufferings and Escape of Charles Jackson: ... Including an Account by Way of Journal, of Several Barbarous Atrocities Committed in June, 1798, by the Irish Rebels ... to the Greater Part of which He was an Eye-witness" (as en). James Bateson; sold by the author, and John Streets; J. Wright, and J. Hatchard; F. & C. Rivington; Hooper & Wigstead; J. Martin; also by J. Abel, Northampton; and J Skirrow, Lancaster.