Baile Adaim

ceantar i mBaile Átha Cliath

Is ceantar i ndeisceart Bhaile Átha Cliath é Baile Adaim[1] (Béarla: Adamstown ). Ba é an chéad sráidbhaile uirbeach nua a thógtar in Éirinn ó Bhaile na Sionainne i 1982. Tá an lonnaíocht nua á fhorbairt 16km amach ó Chathair Bhaile Átha Cliath, ar shuíomh 220 heicteár díreach ó dheas ó Leamhcán, siar ó Abhainn an Ghrifín agus ó thuaidh ón Chanáil Mhór. Níl aon dáta socraithe i gcomhair cead oifigiúil an ceantar ach tá forbairt ar siúl.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilBaile Adaim

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°19′50″N 6°27′33″W / 53.330669°N 6.459103°W / 53.330669; -6.459103
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Contae riaracháin áitiúilContae Átha Cliath Theas Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde54 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1165413

Suíomh agus Rochtain cuir in eagar

Tá Baile Adaim in aice leis an líne iarnród idir Baile Átha Cliath agus Cill Dara. D'oscail an stáisiún iarnród nua a bhí maonithe go príomháideach ar an 10ú Aibreán 2007, le cúig ardáin.

Tá an lonnaíocht in aice leis an N4, bóthar príomha náisiúnta a ritheann idir Baile Átha Cliath agus Sligeach. Tá Aerfort Weston gar don bhaile chomh maith.

Stair cuir in eagar

Cuireadh tús le Baile Adaim le Plean Forbartha Contae Baile Átha Cliath Theas i 1998, a rinne plé ar roinnt "bailte nua" a chruthú - níor dhearna siad ach Baile Adaim a fhorbairt. Bhí stáisiún iarnród nua le tógáil, chomh maith le scoileanna nua, áiseanna siopadóireachta agus spóirt laistigh d'achar gearr siúl ón gceantar. Bhí an lonnaíocht nua le béim a chur ar iompar poiblí agus spleáchas ar carranna a laghdú.

Thosaigh obair ar bonneagar an mbaile go hoifigiúil ar an 7ú Feabhra 2005, ag cuireadh na chéad tithe ar an margadh ar an 16ú Feabhra 2006.

Socruithe cuir in eagar

 
Stáisiún Traenach Bhaile Adaim

Bhí sé beartaithe go mbeidh timpeall 10.000 teach agus 25,000 duine i mBaile Adaim tar éis 10 mbliana de fhorbairt. Tá thart ar 1,200 teach críochnaithe faoi láthair.

Bhí na titheann i mBaile Adaim le bheith cosúil le na cineál titheanna agus blocanna arasáin atá i mBaile Átha Cliath cheana ach le leagan amach níos uirbeach agus nua-aimseartha. Bhí siad le bheith tréscaoilteach agus bheidh córas sráide comhtháite ann, ag fanacht glan ó cul-de-sacanna. Tá leagan amach na sráideann pioctha chun úsáid carranna a laghdú. Tá na gnéithe seo, in aonacht le rochtain éasca isteach go dtí an stáisiún iarnród in aimnse súil agus rothaíocht a chuir chun cinn. Tá teorainn diain ar foirgneamh ardstórach.

Mar pháirt den chead pleanála bhí sé de dhualgas ar na forbróirí roinnt bonneagair agus áiseanna pobail a thógáil, chun na fadhbanna sóisialta a loiteann forbairtí uirbeacha a sheachain. Tá an stáisiún iarnród agus dhá scoileanna, chomh maith le roinnt áiseanna mhiondíola ag oibre anois.

Mhoill an forbairt síos tar éis gur críochnaíodh na chéad cúpla céimeanna agus tá páirteanna den lonnaíocht atá fós cumhdaithe le cláir adhmaid.

Conláistí cuir in eagar

 
suite ag crosbhealach idir Castlegate Copse agus Castlegate Row

Tá craobh-abhainn de chuid na Life, Tobar na gClog, san áit atá le bheith mar an príomháis i bpáirc poiblí.

Spórt cuir in eagar

Tá club socair ag Baile Adaim, Club Peile Baile Adaim, agus club CLG, Club CLG Baile Adaim. Bunaíodh Club Peile Baile Adaim i mí na Samhna 2005 agus imríonn siad i Léig na Séipéil Aontaithe faoi láthair, le dhá fhoireann. Thugadh údarás don chlub CLG ar an 11ú Meitheamh 2007 i gcruinniú a bhí ag Bord Contae Bhaile Átha Cliath.

Tá struchtúr nua, Club Baile Adaim, a chur isteach ag an gcomhairle áitiúil chun deiseanna spóirt, ar nós cruicéad, a chur ar fáil do pháistí an bhaile.

Níl tógáil tosaithe ar an ionad fóillíochta, le linn snámha, a bhí le tógáil, tosaithe go fóill.

Tagairtí cuir in eagar