Baile na nGall (Contae Phort Láirge)
Is baile fearainn é Baile na nGall atá suite i nGaeltacht Chontae Phort Láirge i ndeisceart na hÉireann. Tá an baile Gaeltachta, An Rinn, suite sa bhaile fearainn seo. Tá teach tábhairne (Tig an Cheoil), siopa, áis súgartha do pháistí go dtugtar 'An Imearlann'[1] uirthi, bialann bheag, cé iascaireachta agus trá i mBaile na nGall. Tá "Criostal na Rinne", lonnaithe i mBaile na nGall chomh maith.
Baile na nGall | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Mumhan | |||
Contae in Éirinn | Contae Phort Láirge |
An ceantar cuir in eagar
Is deacair anois idirdhealú a dhéanamh idir Maoil a’ Chóirne, Heilbhic agus Baile na nGall i nGaeltacht Phort Láirge (Gaeltacht na nDéise nó Gaeltacht na Rinne) de bharr an fháis atá tagtha orthu le blianta beaga anuas. Tá siad uile le fáil idir cúig mhíle slí agus seacht míle slí ó Dhún Garbháin.
An sráidbhaile cuir in eagar
Tá Baile na nGall lonnaithe míle amháin soir ó Mhaoil a’ Chóirne agus tuairim is sé mhíle ó Dhún Garbháin. Maraon le Maoil a’ Chóirne, tá fás suntasach tar éis teacht ar Bhaile na nGall le blianta beaga anuas.
Féach freisin cuir in eagar
Naisc sheachtracha cuir in eagar
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-11-29. Dáta rochtana: 2014-11-21.