Is éard is ballapháipéar[1] (nó páipéar balla[2]) ann ná cineál ábhair a úsáidtear chun ballaí tithe, oifigí, agus foirgnimh eile a chlúdach agus a mhaisiú ar an taobh istigh. Is gné amháin den mhaisiúcháin istigh í. Díoltar i rollaí é de ghnáth agus cuirtear é ar bhalla ag baint úsáide as taos bhallapháipéir. Is féidir teacht ar bhallapháipéir gan phatrún (ionas gur féidir é a bheith péinteáilte), uigeach (mar shampla Anaglypta), nó le grafaicí patrúnaithe.

Páipéar balla ar chanbhás, lámhphéinteáilte, le chinoiserie agus ornáidí rocócó (timpeall 1765)

Féadfar go mbeidh ar áireamh sna teicnící printéireachta seo; priontáil dhromchla, fótaghrábháil rothlach, priontáil scáileáin síoda, clódóireacht rothlach, agus priontáil dhigiteach. Tá seacht bpatrún bunúsach, mar a thuairiscítear grúpaí ballapháipéir, gur féidir a úsáid chun plána infinideach a chlúdach. Bíonn gach patrúin bhallapháipéir bunaithe ar na ngrúpaí seo. Is féidir le patrún amháin a eisiúint i ndathmhodhanna éagsúla.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Pádraig Ó Mianáin, eag.: “wallpaper — Aistriúchán Gaeilge ar wallpaper (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2023-07-05.
  2. Tomás de Bhaldraithe, eag.: “English-Irish Dictionary (de Bhaldraithe): wall-paper” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1959). Dáta rochtana: 2023-07-05.