Ceantar in Victoria na hAstráile is ea Balliang agus é suite in oirdheisceart Shír Moorabool, 54 ciliméadar ó Melbourne, príomhchathair an Stáit. De réir dhaonáireamh na bliana 2006 bhí 233 duine ina gcónaí ann. Rugadh ceithre dhuine dhéag acu i Sasana, naonúr sa Nua-Shéalainn, triúr san Fhidsí, triúr sa tSlóivéin agus triúr san Ostair.[1] Ní raibh aon Bhundúchasaigh ina gcónaí ann, cé gurbh iad na Wathaurong, pobal Bundúchasach, a bhí ann roimh theacht na nEorpach.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilBalliang, Victoria

Suíomh
Map
 37°50′00″S 144°22′00″E / 37.8333°S 144.3667°E / -37.8333; 144.3667
Stát ceannasachan Astráil
Stát de chuid na hAstráileVictoria
Local government area of Victoria (en) AistrighSír Moorabool Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán290 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde127 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist3340 Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmníodh an áit as teach in Geelong ar le Foster Fyans, coimisinéir tailte corónach, é. Deirtear gur ainmníodh an teach as Balliang (Ballyang), Bundúchasach a bhí ar fostú ag Fyans.[2]

Osclaíodh oifig poist ann ar 23 Bealtaine 1908 agus dhún sí sa bhliain 1968.[3]

Tagairtí cuir in eagar

Féach freisin cuir in eagar

Balliang: 90 years of settlement 1908-1998. Balliang, Victoria: Back to Balliang Committee 1998.