I gcraobhscaoileadh raidió is teilifíse, an raon minicíochtaí is gá chun comhartha a atáirgeadh go sásúil. Maidir le teilifís, braitheann sé ar an minicíocht réimse, líon na línte scannta, agus an córas daite atá i gceist. Mar shampla, bíonn gá le 5.5 MHz i gcás córais le 625 líne is 50 réimse, ach i bhfad níos mó i gcóras ardghéire.[1]

Bandaleithead

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Bandaleithead". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 62.