Bang Bang

duine corr aitheanta i mBaile Átha Cliath sna 50idí agus sna 60idí

Duine de na carachtair ab iomráití i mBaile Átha Cliath ba ea Bang BangThomas Dudley (Tomás Ó Dudlaigh) nó fiú An Tiarna Dudley (1907 - 11 Eanáir 1981).[1]

Infotaula de personaBang Bang
Beathaisnéis
Breith(en) Thomas Dudley
19 Aibreán 1906
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás12 Eanáir 1981
74 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmbuachaill bó Cuir in eagar ar Wikidata
Seanbhus CIE

Chuir daoine aithne air sna 1950í agus 1960í agus iad ag taisteal ar bhusanna agus ar thramanna Bhaile Átha Cliath, áit ar lig sé air daoine a lámhachainn, a lámha agus méaracha aige mar ‘ghunna’. Ag an am sin ní raibh doras ar an mbus agus bhí Bang Bang in ann seasamh ar an ardán ar chúl an bhus. Bhíodh sé ag bualadh a chromáin lena lámh chlé, faoi mar a bheadh sé ar chapall. Sa lámh dheas bhíodh an eochair airgid.[2] Ghlaodh sé ‘Bang bang, you’re dead’ amach agus é ag scaoileadh urchair leo, agus as sin a tháinig an t-ainm sin air.

Saol cuir in eagar

Níl mórán ar eolas faoin bhfear éalárnach féin agus ceaptar go raibh ábhar éigin meabhairghalair air. Ar aon nós, bhí saol crua ag Bang Bang is cosúil. Dúirt sé nach raibh tuismitheoirí aige. Chaith sé a óige i ndílleachtlann. Thóg bean amach ar altramas é agus thaitin scannáin buachaillí bó go mór leis.

Bhain mórán Bleá Cliathach taitneamh as a chuid geáitsí agus ghlacadar féin páirt iontu. Ligeadar orthu go raibh gunna acu féin chomh maith agus scaoilidís ar ais leis nó thitidís marbh mar dhea ar na sráideanna nuair a dhéanfadh Bang Bang iad a ‘lámhachainn’ go tobann.

Níor chuir aon duine isteach ar Bang Bang ar feadh na mblianta – bhí nós ann i mBaile Cliath na daoine mar eisean a ligean saor.. D’éag Bang Bang ar an 11 Eanáir 1981[3] ach leanann a cháil ar aghaidh i mbéaloideas na hardchathrach.

 
thaitin scannáin buachaillí bó go mór le Bang Bang

Béaloideas cuir in eagar

Is cuid de bhéaloideas aon chathair iad na carachtair seo agus tá Bang Bang luaite i roinnt scéalta, dánta agus cláracha teilifíseraidió. In amanna, chuireadh Bang Bang isteach ar dhrámaí sna hamharclanna, ag ‘lámhachainn’ na n-aisteoirí, rud a cheap na haisteoirí agus an lucht féachana a bhí greannmhar!

Sampla de rann scipeála ina bhfuil sé luaite ná:

And we all went up to the Mero, hey there, who’s your man
It’s only Johnny Forty Coats, sure he’s a desperate man
Bang Bang shoots the buses with his golden key
Hey hi diddly I and out goes she.

Is léir go raibh cion ag muintir Bhaile Átha Cliath air agus gur thuigeadar gur duine neamhurchóideach a bhí ann. Cuireann a leithéid de charachtair beocht i saol daoine eile trí léiriú neamhghnách a thabhairt dóibh ar a dtimpeallacht.

Rinne roinnt daoine comparáid idir é agus an tImpire Norton sna Stáit Aontaithe, fear i San Francisco a bhíodh gléasta in éide iomlán airm impiriúil agus duine a ndéanadh na póilíní cúirtéis leis agus é ag siúl na sráide.

Eolas cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. maidineacha-caife (2016). "AN DEALBH IN EASNAMH (CUR I nGÉILLEACHAS!)". Dáta rochtana: 2020.
  2. "Zozimus agus a Chairde" (en). prezi.com. Dáta rochtana: 2020-01-12.
  3. Irish Lives, in Irish Times, 14 Samhain 2009
  4. RTÉ. "Bang Bang interviewed and shoots his '45!" (as en). Agallamh. 
  5. "Bang Bang" (en). Vimeo. Dáta rochtana: 2020-01-12.