Lann cruach a ceapadh i mBayonne na Fraince sa 17ú céad, meastar, chun arm sáite a dhéanamh d'arm tine an choisí. Ar dtús chuirtí i mbéal an mhuscaeid í, ach go luath sa 19ú céad rinneadh sliotán taobh leis an mbéal chun an bheaignit a chur ann, chun gur féidir an gunna a scaoileadh chomh maith. Choimeádtaí an bheaignit i dtruaill ghearr nuair nach raibh sí in úsáid. Bíonn feisteas ar an ngunna nua-aoiseach chun beaignit a chur ann, agus bíonn beaignití nua-aoiseacha in ann feidhmeanna eile a dhéanamh freisin, cosúil le gearradh sreinge.[1]

Infotaula d'armaBeaignit
Cineálarm fuar agus weapon functional class (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Beaignit

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Beaignit". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 67.