Dealbh le Oisín Kelly is ea Beirt Fhear Oibre (Béarla: Two Working Men) atá suite in aice le Halla an Chontae, i gCorcaigh. Maraon le saothair ealaíne poiblí eile in Éirinn, cuireadh ainm áitiúil air, "Cha and Miah" de ghnáth (dhá phearsa Chorcaí ar an gclár teilifíse "Hall's Pictorial Weekly" sna seachtóidí).[1]

WD Bosca Sonraí Saothar EalaíneBeirt Fhear Oibre

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineáldealbh
CruthaitheoirOisín Kelly Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh1969
Déanta ascré-umha Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhHalla an Chontae (Corcaigh) Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 51°53′N 8°31′W / 51.89°N 8.51°W / 51.89; -8.51

Stair cuir in eagar

An dara dealbh le Kelly á dtaispeáint in áit poiblí ab ea Beirt Fhear Oibre. An chéad ceann ná Clann Lir, a nochtadh sa Ghairdín Cuimhneacháin i mBaile Átha Cliath i 1966.[2] Sa bhliain sin, fruilíodh Kelly chun dealbh nua a dhéanamh chun chur lasmuigh de Halla na Saoirse i mBaile Átha Cliath.

Roimh na deilbh a chur suas os comhair Halla na Saoirse, chinntigh SIPTU go mbeidh na deilbh ina nguaiseacha tráchta.[2] Arsa Desmond Rea O'Kelly, ailtire Halla na Saoirse i 2007:[3]

Rud éigin eile is cúis aiféala dom nár cuireadh suas dealbh Oisín Kelly den fhear óg agus an fear níos sine os comhair Halla na Saoirse.

In ionad sin, nochtadh an dealbh os comhair halla nua chontae Chorcái, an foirgneamh is airde in Éirinn, i 1969.[3] (D'fhan an halla chontae ina fhoirgneamh is airde in Éirinn go dtí 2008.)[4]

Cuireadh an dealbh i leataobh le linn tamaill agus an halla chontae á athfhorbairt, ach cuireadh ar ais iad i 2006.[1]

Cuma cuir in eagar

Beirt fhear ata ann, duine díobh ard agus tanaí, agus an duine eile níos ísle. Tá caipin ar an bhfear níos ísle, agus tá a lámha siar. Tá lámha an fhir níos airde ar a chromáin. Tá an bheirt acu ag féachaint suas sa spéir.

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 "Official opening today of refurbished Cork County Hall". 1,012. The Irish Emigrant (26/6/2006). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-10-27. Dáta rochtana: 16/10/2008.
  2. 2.0 2.1 Bridget Haggerty. "Landmarks commemorating The 1916 Rising". Irish Culture and Customs. Dáta rochtana: 16/10/2008.
  3. 3.0 3.1 "Should union be at liberty to pull down Hall?". The Irish Times (3 Márta, 2007). Dáta rochtana: 16/10/2008.
  4. "Praise for new 'landmark' tower in Cork". The Irish Times (18/09/2008). Dáta rochtana: 21/09/2008.