Grúpa rac-cheoil is ea Bell X1 a bunaíodh i gCill Dara in Éirinn. Is iad Paul Noonan, David Geraghty agus Dominic Philips baill an ghrúpa faoi láthair.

Bosca Sonraí EagraíochtaBell X1
Sonraí
Cineálbanna ceoil Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1999, Contae Chill Dara Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Tréimhse oibre1999 –
Lipéad ceoilIsland Records Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraRac bog Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid

Suíomh gréasáinbellx1.com Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: bellx1 Twitter: bellx1 Youtube: UC910WmkQUJgGDW6C8Q0rEJQ Souncloud: bell-x1 Spotify: 2fGa9song5Gee8UEGf6W7I Musicbrainz: 3660a894-2cf6-4f6b-b995-c967da3c78c9 Songkick: 78581 Discogs: 299446 Allmusic: mn0000047644 Deezer: 4374 Cuir in eagar ar Wikidata

Stair an ghrúpa cuir in eagar

Bunaíodh an banna ceoil Bell X1 i gCill Droichid, Co. Chill Dara sa bhliain 1999. Bhíodh na ceoltóirí Paul Noonan, David Geraghty, Brian Crosby agus Dominic Philips mar bhaill den bhanna ceoil Juniper mar aon le Damien Rice roimhe sin. Nuair a d’fhág Rice, chruthaigh na baill eile an banna nua Bell X1. Roghnaíodar an t-ainm Bell X1 in ómós don mBell X-1, an chéad eitleán a bhris an fuaimbhac. Tá Paul Noonan ina phríomhamhránaí agus seinneann sé an giotár. Tá David Geraghty ar an bpríomhghiotár, Brian Cosby ar an ngiotár agus ar an méarchlár agus Dominic Philips ar an dordghiotár. Go dtí seo, tá 6 albam eisithe acu ón mbliain 2000 go dtí 2013. Is iad sin Neither Am I (2000), Music in Mouth (2003), Flock (2005), Blue Lights on the Runway (2009), Bloodless Coup (2011), Field Recordings (2012) agus Chop Chop (2013). Níor éirigh go rómhaith le Neither Am I. Níor eisíodh é lasmuigh d’Éirinn. In ainneoin sin, d’éirigh go hiontach leis na ceolchoirmeacha agus thosaigh líon na leantóirí a bhí acu ag fás. Bhí níos mó ratha orthu leis an dara halbam, Music in Mouth in Éirinn agus sa Bhreatain. Tugadh an-aitheantas don dhá phríomhshingil “Tongue” agus “Eve, The Apple of my Eye”.

Ba dhul chun cinn dochreidte é eisiúint an tríú halbaim Flock. Shroich sé uimhir a haon ar chairt na n-albam in Éirinn. Bhí clú agus cáil air agus bhí an-rath ag Bell X1 leis na singlí “Bigger Than Me”, “Rocky Took A Lover” agus “Flame”. D’éirigh lena gcéad albam eile, “Blue Lights on the Runway” an chéad áit a bhaint amach ar chairt na n-albam in Éirinn freisin. Tháinig an singil is cáiliúla go dtí seo ón albam sin. Is é sin “The Great Defector”. Bhain an t-amhrán sin amach an tríú áit i gcáirt na hÉireann agus bhí sé mar bhall den liosta de na deich príomh-amhrán i Meiriceá ag an am sin.

D’eisigh Bell X1 an t-albam “Bloodless Coup” sa bhliain 2011 agus d’eagraíodar ceolchoirm san Amharclann Olympia i mBaile Átha Cliath l’airgead a bhailiú don ionad lae Capuchin. Bunaíodh an ionad lae sin le tacaíocht a thabhairt do na ‘bochtáin nua’ a bhí a líon a méadú le linn an chliste eacnamaíochta. Cloistear tagairt don chultúr nua dúshlánach sin i gcuid mhaith de liricí Bell X1. Nuair a eisíodh an t-albam is déanaí, “Chop Chop”, bhrúigh sé an banna ceoil Kodaline ón gcéad áit ar chairt albam na hÉireann len é a thógáil don tríú huair.

Is banna ceoil é Bell X1 a bhfuil meascán mór de stíleanna ceoil acu ach tá liricí tarraingteacha, suimiúla, éirimiúla agus beo bríomhar fite fuaite síos tríd na n-amhráin acu. Tá aitheantas bainte amach acu ní amháin in Éirinn ach thar lear chomh maith. Chruthaíodar dlúth-chaidreamh le cultúr na Gaeilge in Éirinn nuair a d’aistríodh an t-amhrán “Flame” go dtí “Bladhm” don dlúthdhiosca Ceol 07, a taifeadadh do Sheachtain na Gaeilge 2007. Ó shin ar aghaidh, tá cúpla amhrán eile uathu aistrithe go Gaeilge, “Seasamh Fóid” (Built to Last) don dlúthdhiosca RíRá agus “Eve” (Eve, the Apple of my Eye), aistrithe agus seinnte ag Mo Hat Mo Geansaí. Leis an albam nua “Chop Chop” ag dul ó neart go neart agus ceolchoirm mhór na Nollag san Amharclann Olympia fós le teacht ag Bell X1, níl a shéanadh air ach go mbeidh a thuilleadh rath ós comhair Bell X1 san athbhliain.