Is éard is Beinn Rothaich ann ná sliabh atá os cionn 3,000 troigh (914.4 m). Ba é an Tiarna Eóghain Mac an Rothaich (Béarla: Sir Hugh Munro,(1856-1919), an 4ú Bairnéad Lindertis a chuir an chéad liosta de na cnoic den sórt sin le chéile, ar a dtugtar 'Táblaí an Rothaich' nó 'Munro's Tables', sa bhliain 1891.

Breac-chuntas ar na Limistéir i dTáblaí an Rothaich sa bhliain 1891. Léarscáil bunaithe ar eolas san eagrán 2006 de 'The Munros' - Treoir SMC Hillwalkers 'ISBN 0-907521-94-0
Beinn Nibheis an Bhinn Rothach is airde sa Bhreatain Mhór

Is éard is Barr Rothach ann ná sliabh atá os cionn 3,000 troigh, nach bhfuil aitheanta mar shliabh ar leith. De réir an leasaithe ar na táblaí a bhí déanta sa bhliain 2009, agus a d'fhoilsigh 'Club Sléibhteoireachta na hAlban' (Béarla: Scottish Mountaineering Club) tá 283 Binn Rothach agus 227 Barr Rothach ann. Is í Beinn Nibheis an bhinn Rothach is iomráití, agus an sliabh is airde sna hOileáin Bhriotanacha, le 1,344 méadar (4,409 tr.) in airde

Aithníonn dreapadóirí Beanna Rothacha mar shléibhte dúshlánacha, go háirithe sa Gheimhreadh, nuair a bhíonn líon mór básanna a dtuairisciú gach bliain. Mar sin féin, tá cleachtas coitianta i measc dreapadóirí agus siúlóirí na sléibhte, sé sin "Munro bagging", agus an aidhm a bhíonn leis ná gach ceann de na Beanna Rothacha atá liostaithe a dhreapadh. Sa bhliain 2009, tuairiscíodh go raibh níos mó ná 4,000 duine a d'éirigh leo an éacht sin a bhaint amach. Ba é Hamish Brown an chéad duine a dhreap na beanna uilig i mbabhta leanúnach amháin sa bhliain 1974. Is é Stephen Pyke a shealbhaíonn an churiarracht don bhabhta is tapúla leanúnach, sa bhliain 2010, faoi bhun 40 lá.