Rithim bhitheolaíoch nó athruithe tréimhsiúla i bhfeidhmú plandaainmhí is ea bithrithim. Féadfaidh tréimhse na rithime a bheith chomh gearr le soicind amháin nó chomh fada le bliain. Tá rithimí inginiúla ann a eascraíonn ón taobh istigh den orgánach, agus rithimí eisginiúla a eascraíonn ó fhachtóirí sa chomhshaol, cosúil leis na hailtéarnuithe idir dorchadas na hoíche is gile an lae. Is minic a bhíonn na rithimí inginiúla sioncronaithe le hathruithe tréimhsiúla sa chomhshaol. Samplaí de bhithrithimí daonna is ea bualadh an chroí, an riospráid, codladh is dúiseacht, an fás is an titim laethúil i dtáirgeadh an hidreacortasóin faoi stiúir na hinchinne (is é sin, an fhaireog phinéalach is an hipeatalamas san inchinn). Rithimí suntasacha sna hardphlandaí is ea an fhótaisintéis agus oscailt is dúnadh laethúil bláthanna áirithe.[1]

Bithrithim

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Bithrithim". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 77.