Blàr Sliabh an t-Siorraim

Blàr Sliabh an t-Siorraim
Éirí Amach na Seacaibíteach, 1715.
Blàr Sliabh an t-Siorraim

Cáth nó Blàr Sliabh an t-Siorraim

Dáta: 13 Samhain 1715
Áit: Sliabh an t-Siorraim, Siorrachd Pheairt, Albain
Toradh: Bua straitéiseach do Rialtais na Breataine Móire
Céilí comhraic
Arm na Breataine Arm Seacaibíteach
Ceannasaithe
Iain Ruaidh nan Cath,an 2ú Diúc Earra-Ghàidheal Iain Erskine, an 6ú Iarla Mhàirr
Slua
6,000 12,000
Taismigh
600 marbh agus créachtaithe 800 marbh agus níos mó créachtaithe

Ba chath é Blàr Sliabh an t-Siorraim (Béarla: Battle of Sheriffmuir) a tharla sa bhliain 1715 nuair a bhí Éirí Amach na Seacaibíteach i Sasana agus in Albain faoi lán seoil.

Stair cuir in eagar

Thionóil Iain Erskine, an 6ú Iarla Mhàirr taoisigh na nGarbhchríoch agus ghairm Rí na hAlban de Shéamus Proinsias Éadbhard Stiúbhart (an "Sean-Éilitheoir") ar 6 Meán Fómhair. Tar éis do Mhàrr arm de thart ar 12,000 fear a thógáil rinne sé ar Pheairt lena forghabháil, agus is gearr go raibh smacht aige ar an gcuid is mó de thuaisceart na nGarbhchríoch.

Theip air fórsaí Iain Ruaidh nan Cath (Béarla: John Campbell), an 2ú Diúc Earra-Ghàidheal (a bhí i Sruighlea) a shárú, agus cuireadh ina luí air faoi dheireadh a arm a thabhairt ó dheas ar 10 Samhain. Chuir spiairí i bhfios d'Iain Ruaidh céard a bhí ar siúl ag Erskine, agus bhog sé a arm, thart ar 4,000 fear, go dtí Sliabh an t-Siorraim, in aice le Dùn Bhlàthain. Chuaigh an dá thaobh i gcath ar 13 Samhain.

Ní raibh toradh soiléir ar an troid, cé gur fhógair an dá thaobh gurb iadsan a rug an bua. Ach d'éirigh le Iain Ruaidh teacht roimh na Seacaibítigh agus chaill siad siúd a misneach, mar gurb iadsan ba threise i dtaca le líon fear de agus gur bhraith siad gur chóir dóibh an namhaid a shárú go hiomlán. Chaill fórsaí Mhàirr tacaíocht na Fraince agus na Spáinne, agus bronnadh "Capall Bán Hannover" mar shuaitheantas ar reisimintí an Rí.

Ar 23 Nollaig tháinig an Sean-Éilitheoir, agus é ar deoraíocht go dtí sin sa Fhrainc, i dtír ag Ceann Phàdraig i Siorrachd Obar Dheathain, cé go raibh a chúis beagnach caillte. Bhuail sé le Màrr i bPeairt, ach ní raibh siad in ann an t-arm misneach an airm a mhúscailt. Bhí arm Iain Ruaidh, áfach, lán de mheanma, agus ba ghearr gur thug sé a aghaidh ar an tuaisceart. Theith arm na Seacaibíteach chuig Monadh Rois i Siorrachd Aonghais, agus d'fhill an Sean-Éilitheoir ar an bhFrainc. Bhog a arm go dtí Ruadhainn i Siorrachd Obar Dheathain agus scaip.

An luchd-cogaidh cuir in eagar

 
Iain Caimbeul, an 2ú hIarla Earraghaidheil
 
Iain Erskine, an 6ú hIarla Mhàirr - nó Bobbing John mar a thugtaí air.

Bhí timpeall 3,000 fear ag Diùc Earraghaidheil. Ach bhí timpeall 7,000 ag Màrr agus a bhformhór ina nGaeil, cé go raibh Gaeil in arm an rialtais freisin.