Leagan amach bláthanna is struchtúr gaolmhar, cosúil le brachtanna, ar ghas amháin. Spreagann athruithe i bhfad an tsolais nó sa teocht a fhás, agus is dócha go mbíonn hormóin á rialú. Go minic stadann fás plandúil an phlanda le táirgeadh an bhláthra, ach uaireanta leanann ina dhiaidh sin. Bíonn sé seo suntasach i gcás barrphlandaí nuair a bhíonn an toradh, an t-aibiú, is an bhaint le pleanáil. Tagann an saghas bláthra san áireamh go mór mar shainchomhartha i sainmhíniú clanna plandaí. Aithnítear na bunsaghsanna ó na patrúin craobhaithe agus ionaid na mbláthanna is nuaí is na mbláthanna is sine. I gcrobh-bhláthra, leanann an gas ag fás agus tagann na bláthanna amach faoin mbarr. I gcímeabhláthra bíonn bláth ar bharr an phríomhghais is ar bharr gach géige, agus aon fhás nua, is trí ghéaga cliathánacha é.[1]

Bláthra

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Bláthra". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 79.