Planda téagartha ilbhliantúil a fhásann 2 m ar airde. Na duilleoga suas le 80 cm ar fhad, roinnte go domhain. Na bláthchinn gorm an-mhór, timpeallaithe le brachtanna ubhchruthacha leathrúla sainiúla. Níl sé ar eolas sa nádúr fiáin, ach saothraíodh le fada é i ndeisceart na hEorpa go háirithe. Itear gabhdán bog na mbláthcheann óg is bunanna méithe na mbrachtanna mar ghlasra, agus fástar é mar mhaisiúchán.[1]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoBliosán cruinn
Cynara Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdAsterales
FineAsteraceae
FofhineCarduoideae
GéineasCynara Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753
Cineál tacsanomaíochCynara cardunculus Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Bliosán cruinn". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 79.