Is suíomh idirlín díospóireachta Éireannach é Boards.ie, a bhfuil breis is 115,000 cuntas cláraithe, 600,000 snáithe agus breis is 7 milliún teachtaireacht ann. Tá sé ar na cinn is mó in Éirinn. Déantar plé ar an iliomad ábhar ann agus an plé sin bunaithe i gcomhthéacs Éireannach, cé go bhfuil daoine ann ar fud an domhain atá ina mball den suíomh. Comhshuímh leis iad boards.jp, boards.co.nz agus boards.us.

Bosca Sonraí Suíomh GréasáinBoards.ie
URLhttps://www.boards.ie/ Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsuíomh gréasáin Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
Iontráil i seirbhís1998 Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Rangú Alexa6,413 (1 Nollaig 2017) Cuir in eagar ar Wikidata

Stair cuir in eagar

I bhFeabhra 1998, bhunaigh an Dr. John "Cloud" Breslin agus Tom "DeVore" Murphy fóram amháin le cur ar chumas úsáideoirí an chluiche ríomhaire Quake in Éirinn, a bheith á phlé. Cuireadh fóraim eile leis de réir a chéile agus seoladh boards.ie sa bhliain 2000. Bhí gá le comhlacht Éireannach darb ainm Boards a bhunú chun an fearann Éireannach .ie a fháil ag an am sin. Cláraíodh é mar Boards.ie Limited, leis an oifig um Chlárú Cuideachtaí i mBaile Átha Cliath. Bhuaigh an suíomh gradam Golden Spider agus Zeddy sa bhliain 2001.

Struchtúr cuir in eagar

Tá an suíomh faoi úinéireacht cúigir, darb ainm riarthóirí. Déanann na riarthóir smacht riartha agus eagarthóireachta an tsuímh a tharmligean chuig na céadta modhnóir neamhíoctha. Tá sé de chumhacht ag na modhnóirí seo teachtaireachtaí na mball a athrú agus a ghlanadh chomh maith le cosc a chur ar bhaill nach leanann na rialacha.

Tá beagnach míle fóram ann, idir phoiblí agus phríobháideach. Is féidir le ball ar bith fóram nua a mholadh, ach is gá dó/di go leor tacaíochta a fháil ó bhaill eile.

Tá sé saor in aisce le bheith i do bhall. Tá fiú réimse sóisialta leis an suíomh anois, agus imeachtaí sóisialta á n-eagrú ag na baill éagsúla le bualadh le chéile go pearsanta.

Conspóid cuir in eagar

Bhagair MCD cás dlí ar an suíomh sa bhliain 2006, mar gheall ar an tuairisciú diúltach a bhí ar siúl ar an suíomh i leith reáchtáil na féile ceoil Oxegen, a bhíonn ar siúl acu go bliantúil.[1] Ba ghá srian a chur ar an bplé a bhí ar siúl faoin bhféile seo ar an suíomh dá bharr.

Fóraim Ghaelacha cuir in eagar

Tá cúpla fóram ann don Ghaeilge, mar atá, an Fóram 'Gaeilge (Irish)' atá ina fhóram dátheangach ar chúrsaí Gaeilge agus 'Teach na nGealt', atá ina fhóram lán-Ghaelach le haghaidh plé ar ábhar ar bith.

Gradaim cuir in eagar

  • Golden Spider
  • Net Visionary
  • Zenny

Tagairtí cuir in eagar

Naisc Sheachtracha cuir in eagar