Is amhránaí, scríbhneoir amhrán agus gníomhaí polaitiúil é Robert Frederick Xenon "Bob" Geldof (Roibeard Mac Giolla Dhuibh an leagan Gaeilge dá ainm is dá shloinne). Bá é Bob Geldof urlabhraí an ghrúpa Na Boomtown Rats agus ní raibh eagla riamh air labhairt amach i gcoinne rudaí nár thaitin leis. Thug Geldof cuairt ar an Aetóip i 1984 agus chuir an gorta ansin uafás air. Bhailigh sé amhránaithe agus grúpaí cáiliúla an domhain le chéile. Chuir "Band Aid" amach ceirnín an Nollaig sin[1].

Infotaula de personaBob Geldof

(2009) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith5 Deireadh Fómhair 1951
72 bliana d'aois
Dún Laoghaire, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Carraige Duibhe Cuir in eagar ar Wikidata
LámhcheannasCiotógacht
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí is scríbhneoir, scríbhneoir, amhránaí, aisteoir, aisteoir scannáin Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1975 –
SeánraRac-cheol, popcheol agus rac-cheol tíre
TeangachaBéarla
UirlisCeol gutha agus giotár
Lipéad ceoilPolydor Records Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
13 Iúil 1985Live Aid Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéilePaula Yates (1986–1996) Cuir in eagar ar Wikidata
PáistePeaches Geldof, Pixie Geldof, Fifi Trixibelle Geldof Cuir in eagar ar Wikidata
AthairBob Geldof  agus Evelyn Weller
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinbobgeldof.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0002097 Allocine: 965 Rottentomatoes: celebrity/bob_geldof Allmovie: p26350 TV.com: people/bob-geldof
Musicbrainz: b16373b3-bae0-4926-bb17-1d68c4f7b052 Songkick: 388182 Discogs: 149246 Allmusic: mn0000801971 Cuir in eagar ar Wikidata
Bob Geldof, 2 Feabhra 1981, Chateau Neuf, Oslo
Ceolchoirm "Conspiracy of Hope" 15 Meitheamh 1986, East Rutherford, NJ.

Saol cuir in eagar

 
Rock am Ring 1987

Muintir cuir in eagar

Rugadh Geldof i mBaile Átha Cliath ar an 5 Deireadh Fómhair sa bhliain 1951.

Phós Geldof Paula Yates, láithreoir teilifíse Sasanach, sa bhliain 1986. Saolaíodh triúr clainne dóibh

  • Fifi Trixibelle a rugadh sa bhliain 1984,
  • Peaches sa bhliain 1989 agus
  • Pixie sa bhliain 1990.

Scair Yates agus Geldof óna chéile sa bhliain 1995, nuair a thosaigh Yates ag siúl amach le Michael Hutchence, réalta rac-cheoil ón Astráil.

Boomtown Rats cuir in eagar

Bhí Geldof ina amhránaí sa bhanna ceoil úd The Boomtown Rats, arb é an cheolfhoireann ba mhó le rá as Éirinn ag deireadh na seachtóidí (le U2). Ceann de na hamhráin is cáiliúla dá gcuid is ea I don’t like Mondays, a tháinig amach sa bhliain 1979.

 
The Boomtown Rats, Knott's Berry Farm, 1981

Tháinig deireadh leis an ngrúpa na Boomtown Rats ag Live Aid i 1985. Ach tá sé soiléir ón DVD agus ó leabhar Geldof, Is That It?, go raibh sprid an ghrúpa ag teip ar feadh roinnt blianta sula stopadar[2]. I mBaile Átha Cliath a sheinneadar a ngig deireanach, san RDS ag Self Aid, ceolchoirm a eagraíodh le haird a tharraingt ar chruachás lucht dífhostaíochta na tíre.

Band Aid, Live Aid, Self Aid cuir in eagar

 
Bob Geldof, 18 Meán Fómhair 2007

Sa bhliain 1984, chonaic Geldof pictiúirí uafásacha nuachta ón Aetóip, áit a raibh gorta mór ag rith damhsa faoin am sin, agus leanaí beaga ag fáil bháis ón ocras. Chuir na pictiúirí chomh mór sin as dó gur bhailigh sé grúpa de na ceoltóirí ba cháiliúla sa Bhreatain ag an am, in éineacht le Midge Ure, faoin ainm Band Aid.

D'eisigh siad an singil Do They Know It's Christmas chun airgead a bhailiú don Aetóip. B'é sin an singil ba mhó díolacháin riamh sa Ríocht Aontaithe agus fuair siad £8 milliún ar fud an domhain le haghaidh cabhrach don Aetóip.

Live Aid cuir in eagar

 
Comhdháil One Young World, i mBÁC, 2014

I ndiaidh Band Aid, chuir Geldof agus a chomhghleacaithe dhá cheolchoirm ar siúl faoin ainm Live Aid i Londain agus in Philadelphia ar an 13 Iúil den bhliain 1985. D'fhéach billiún go leith duine ar fud an domhain ar na ceolchoirmeacha a lean ar aghaidh le 16 uair ar an teilifís. Bhí níos mó ná 60 de na réaltaí ba mhó sa rac-cheol páirteach san ócáid.

Bailíodh níos mó ná £100 milliún le maolú ar an ngorta san Afraic. Lean Geldof ar aghaidh lena chuid oibre ar son na hAfraice, agus é ag tacú le hIubhaile na bliana 2000, feachtas chun fiacha na hAfraice a chur ar ceal. Thug Éireannach cáiliúil eile, Bono, tacaíocht don fheachtas céanna.

Live8 cuir in eagar

Bhí Geldof go mór i mbéal an phobail arís sa bhliain 2005 mar gheall ar an bhfeachtas Make Poverty History. D’fhoilsigh sé féin agus Nelson Mandela leabhar, Make Poverty History, i Londain.

Bhí cruinniú mór den G8 le bheith i nGleann Eigis, Dún Éideann in Albain.[3] Thapaigh Geldof an deis le tuilleadh a dhéanamh don Afraic. Bhí Geldof ag iarraidh brú a chur ar cheannairí polaitiúla cuidiú le daoine bochta an domhain. D'eagraigh sé ceolchoirm ar an 2 Iúil 2005, Live8, chun aird an chine daonna a tharraingt ar chruinniú mullaigh an G8 in Albain an tseachtain ina dhiaidh.

Bhí Live 8 níos mó ná Live Aid. Eagraíodh ceolchoirmeacha i ngach tír sa G8. Mar sin, bhí ceolchoirmeacha i Londain, sa Róimh, i mBeirlín, i bPáras, in Philadelphia, i dToronto, i dTóiceo agus i Moscó. Eagraíodh ceolchoirm in Johannesburg chomh maith. I measc na gceoltóirí bhí Madonna, U2, Paul McCartney agus Geldof é féin.

Cúrsaí an tsaoil cuir in eagar

I ndiaidh Live Aid bhí clú ar Bob Geldof ar fud an domhain. Lean Geldof ar aghaidh lena chuid oibre ar son na hAfraice, agus é ag tacú le hIubhaile na bliana 2000, feachtas chun fiacha na hAfraice a chur ar ceal. Thug Éireannach cáiliúil eile, Bono, tacaíocht don fheachtas céanna.[4]

Thaistil Gelfod chuig cuid mhór áiteanna ag tógáil airgid ar son na hAfraice. Chuaigh sé a throid leis an phríomh-aire Margaret Thatcher. Bhí sise ag iarraidh cáin a ghearradh ar an airgead a bhí á thabhairt don Afraic, ach thug Geldof uirthi athchomhairle a dhéanamh.

Sa bhliain 1986, an bhliain i ndiaidh Live Aid, rinne an Bhanríon i Sasana ridire onórach de (ach ar an ábhar gur rugadh Geldof in Éirinn, ní féidir leis an teideal ‘Sir’ a chur roimh a ainm).

Sa bhliain 1991, bhunaigh Geldof Planet 24, ceann de na comhlachtaí neamhspleácha teilifíse is mó sa Bhreatain níos déanaí.

Cearta cuir in eagar

Bhí páirt ag Geldof i bhfeachtas chun cearta na n-athracha a chur chun cinn. Bhí ar Geldof dul chun na cúirte ag iarraidh a pháistí a fháil ar ais óna bhean, agus fadhbanna meabhairshláinte aici.

 
Bob ag ceol le Moya Brennan, Bono agus Chris de Burgh ag Self Aid.

Fuair Geldof cead amharc i ndiaidh Tigerlily. Ach ní raibh seo furasta nó bhí coimhlint mhór le dlíodóirí agus leis na cúirteanna. Bhí tionchar mór aige seo ar Geldof, agus anois tá sé ag tacú le Fathers for Justice. Is feachtas é seo le tuilleadh ceart a thabhairt d’aithreacha.

Tagairtí cuir in eagar

  1. St Munchins College. "Ar Son Mhuintir na hAfraice".
  2. Beo.ie (Nollaig 2006). "The Boomtown Rats – cúigear buachaillí dána".
  3. Grúpa atá sa G8 ina bhfuil na hocht stát is cumhachtaí ar domhan.
  4. CCEA. "Beatha le bua - beathaisnéis Geldof". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-07-13. Dáta rochtana: 2020.