Bróimín
| Bróimín | |
| Siombail Cheimiceach | Br |
| Uimhir Adamhach | 35 |
| Meáchan Adamhach | 79.904(1) g·mol-1 |
| Grúpa, Peiriad | 17, 4, p |
| Dlús | 3.1028 g·cm-3 |
| Sraith Cheimiceach | Halaiginí |
![]() |
|
Is é an bróimín dúil cheimiceach uimhir a 35, agus is í an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha ná Br. Ceann de na halaiginí é, agus mar sin, is dúil sách leictridhiúltach é - is é sin, tá sé de chlaonadh ann lucht diúltach leictreachais a ghlacadh chuige agus an leictreon a bhaint den dúil eile. Le brú is le teocht an tseomra, tá an bróimín ina leacht donndearg a bhfuil boladh láidir tachtach as. Cosúil leis an gclóirín, oibríonn an bróimín go dochrach ar na scamhóga, agus mar sin, is nimh é, agus é ina dhúil.
Ba iad an Francach Antoine Balard agus an Gearmánach Carl Jacob Löwig a d'aithin an bróimín mar dhúil ar leith, beag beann ar a chéile, i lár na 1820idí. Tháinig Balard ar bhróimídí i luaith feamainne ó na portaigh i gcóngar do Montpellier. Bhí an cineál seo feamainne - díreach cosúil le ceilp na hÉireann! - saibhir in iaidín, agus mar sin, dhóití é le hiaidín a tháirgeadh. Fuair sé amach go raibh an t-iaidín truaillithe le dúil anaithnid a bhí idir eatarthu idir an clóirín agus an t-iaidín, agus is é an t-ainm a bhaist sé uirthi ná muride, as muria na Laidine a chiallaíonn "sáile". Maidir le Löwig, d'aonraigh seisean bróimín as na salainn mhianracha in uisce an tobair áitiúil ina chathair dhúchais, Bad Kreuznach. Nuair a foilsíodh an leagan deifnídeach de thuarascáil thaighde Balard, bhí ainm na dúile athraithe go bróimín aige. Dúirt sé féin gurbh é "Monsieur Anglada", pé hé féin, a mhol dó an t-ainm a athrú. De réir foinsí eile, áfach, ba é an t-eolaí cáiliúil Francach Joseph Louis Gay-Lussac a cheap an t-ainm nua.
Móilín dé-adamhach é móilín an bhróimín agus é ina dhúil. Is í an uimhir ocsaídiúcháin is coitianta a bhíonn aige ina chuid comhdhúl ná -I, nó mar is dual do na halaiginí, tá seacht leictreon ar an leictreonsceall is faide amuigh aige, agus ní theastaíonn uaidh ach ceann amháin leis an ochtréad cobhsaí a bhaint amach. Ocsaídeoir láidir atá ann freisin, agus é ag imoibriú leis an gcuid is mó de na miotail le bróimídí miotail a dhéanamh.
Tá dhá iseatóp cobhsaí ag an mbróimín, mar atá, 79Br (50.69 % de bhróimín an dúlra) agus 81Br (49.31 %). Tá meáchan adamhach an bhróimín suite timpeall ar 80 aonad, mar sin, ach níl an t-iseatóp 80Br le fáil sa dúlra. Le fírinne, is iseatóp as pabhar radaighníomhach é nach maireann a leathré ach ocht nóiméad déag.
Tá trí ocsaigéad ag an mbróimín, ach ní féidir aon cheann acu a aonrú - níl teacht orthu ach i dtuaslagáin uisce. Is iad an t-aigéad fobhrómúil HBrO, an t-aigéad brómach HBrO3 agus an t-aigéad sárbhrómach HBrO4. Cé nach bhfuil na haigéid féin cobhsaí, tá sé furasta go leor iain fhobhróimíte BrO- agus iain bhrómáite BrO3- a chruthú: nuair a thuaslagfar bróimín san uisce, gheofar iain fhobhróimíte chomh maith le hiain bhróimíde:
Br2 + H2O -> Br- + BrO- + 2 H+
Cosúil leis an ian fochlóiríte a chruthaítear ar an mbealach céanna i dtuaslagáin uisce an chlóirín, is ocsaídeoir láidir é an t-ian fobhróimíte, agus é ina thuarthóir mhaith. Má théitear an tuaslagán suas, áfach, gheofar iain bhrómáite, BrO3-. Ní féidir, áfach, an bróimín a ocsaídiú go sárbhrómáit BrO4- gan dul i dtuilleamaí fluairín nó ózóin.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Read in another language
This page is available in 108 languages
- Afrikaans
- አማርኛ
- Aragonés
- العربية
- Azərbaycanca
- Беларуская
- Беларуская (тарашкевіца)
- Български
- বাংলা
- Brezhoneg
- Bosanski
- Català
- Cebuano
- کوردی
- Corsu
- Česky
- Чӑвашла
- Cymraeg
- Dansk
- Deutsch
- Ελληνικά
- English
- Esperanto
- Español
- Eesti
- Euskara
- فارسی
- Suomi
- Français
- Nordfriisk
- Furlan
- Galego
- ગુજરાતી
- Gaelg
- Hak-kâ-fa
- עברית
- हिन्दी
- Fiji Hindi
- Hrvatski
- Kreyòl ayisyen
- Magyar
- Հայերեն
- Interlingua
- Bahasa Indonesia
- Ido
- Íslenska
- Italiano
- 日本語
- Lojban
- Basa Jawa
- ქართული
- Қазақша
- ಕನ್ನಡ
- 한국어
- Коми
- Latina
- Lëtzebuergesch
- Ligure
- Lietuvių
- Latviešu
- Māori
- Македонски
- മലയാളം
- मराठी
- Кырык мары
- Bahasa Melayu
- မြန်မာဘာသာ
- Plattdüütsch
- Nederlands
- Norsk nynorsk
- Norsk bokmål
- Occitan
- ଓଡ଼ିଆ
- ਪੰਜਾਬੀ
- Polski
- پنجابی
- Português
- Runa Simi
- Română
- Русский
- Srpskohrvatski / српскохрватски
- Simple English
- Slovenčina
- Slovenščina
- Shqip
- Српски / srpski
- Seeltersk
- Svenska
- Kiswahili
- தமிழ்
- తెలుగు
- Тоҷикӣ
- ไทย
- Tagalog
- Türkçe
- Татарча/tatarça
- ئۇيغۇرچە / Uyghurche
- Українська
- Oʻzbekcha
- Vepsän kel’
- Tiếng Việt
- Winaray
- Хальмг
- ייִדיש
- Yorùbá
- 中文
- Bân-lâm-gú
- 粵語
