Cé nach bhfuiltear ag bunú stáisiúin ná coilíneachtaí ar Mhars go fóill, tá bratach ann cheana féin a d'fhéadfadh muintir Mharsa a chur in airde. Trídhathach dearg, uaine agus gorm atá ann, agus is iad úrscéalta Kim Stanley Robinson faoi choilíniú Mharsa is bunús leis an dearadh seo. B'é Pascal Lee, innealtóir de chuid NASA, a dhear an bhratach. Tá Pascal Lee i gceannas ar an tascfhórsa atá ag pleanáil stáisiún seasta taighde ar an bpláinéad - FMARS, nó Flashline Mars Arctic Research Station. Seasann na datha don fhorbairt ar thug an scríbhneoir Robinson cur síos air ina chuid úrscéalta: ar tús, is pláinéad dearg seasc é Mars, ansin, agus an bheatha ag fréamhú ansin, tiocfaidh an dath glasuaine air, agus sa deireadh, beidh an pláinéad míntírithe go hiomlán, agus uisce reatha ag sní ar a dhromchla - i gcruth is gur féidir pláinéad gorm a thabhairt air. Tá an bhratach seo in úsáid ag Cumann Mharsa - The Mars Society - mar shuaitheantas oifigiúil. Eagraíocht neamhbhrabúis é Cumann Mharsa atá dírithe ar choilíniú Mharsa a chur chun cinn.

Bratach Mharsa