Brian M. Walker (staraí agus eolaí polaitiúil)

ollamh emeritus le Léann na hÉireann in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste

Staraí agus eolaí polaitiúil is ea Brian Mercer Walker (Meán Fómhair 1947 a rugadh é). Tá sé ina ollamh emeritus le Léann na hÉireann in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.[1]

Infotaula de personaBrian M. Walker

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1947
76/77 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Réimse oibreEolaíocht pholaitiúil agus aitheantas
Gairmeolaí polaitiúil, múinteoir ollscoile Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Gairmréim acadúil srl cuir in eagar

Tá sé ina Chomhalta den Royal Society for the Arts.. Bhí sé tráth ina Stiúrthóir ar an Institute of Irish Studies ag Ollscoil na Banríona, ina Chathaoirleach ar an Arts Council of Northern Ireland, ina Uachtarán ar an Linen Hall Library agus ina Uachtarán ar an Belfast Natural History and Philosophical Society. Faoi láthair, tá sé ina Uachtarán ar an Belfast Literary Society, ina Uachtarán ar an Federation for Ulster Local Studies, ina Uachtarán ar an Belfast Civic Trust agus ina Chisteoir ar an Belfast Natural History and Philosophical Society. Tá sé ar chomhairle an Irish Association agus tá sé ina bhall den Church of Ireland Working Group on Historical Centenaries.. Chomh maith le foilseacháin acadúla tá ailt scríofa aige don Belfast Telegraph, don Irish Times, don Irish Independent, don Sunday Independent agus don Dublin Review of Books.

Fócas Taighde cuir in eagar

I measc a chuid spéiseanna taighde i láthair na huaire tá Deich mBliana na gCuimhneachán, an tréimhse réabhlóideach in Éirinn, 1919–23, agus freagra polaitiúil na hÉireann ar an nGorta Mór.

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Brian Walker". Dáta rochtana: 9 Eanáir 2024.