Brian Mac Giolla Meidhre

file Éireannach

Rugadh Brian Mac Giolla Meidhre (Béarla: Brian Merriman) lámh le hInis Diomáin timpeall na bliana 1750. Chum sé Cúirt an Mheán Oíche, "an dán grinn is mó le rá dár cumadh in Éirinn riamh’, a dúirt Seán Ó Tuama[1].

Infotaula de personaBrian Mac Giolla Meidhre

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1747
Contae an Chláir Cuir in eagar ar Wikidata
Bás27 Iúil 1805
57/58 bliana d'aois
Luimneach Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge
Brian Mac Giolla Meidhre, Inis Diomáin

Saol cuir in eagar

Is beag atá ar eolas faoina óige.

I dtaca na bliana 1770 chuaigh Brian ag múineadh scoile go Cill Cláirín i bparóiste na Fiacaile. Bhí scoil aige ina dhiaidh sin ar an gCurrach sa bparóiste céanna. Chaith sé isteach is amach le tríocha bliain ar fad le múinteoireacht. Ba bhocht an saol é.

 
An Fhiacail

Tugann Risteárd Ó Foghlú cur síos dúinn ar shaol crua an mhúinteora:

“Bhí an saol crua go leor ar mhúinteoirí scoile i dTuamhumhain le linn Bhriain agus tamall ina dhiaidh sin: ba chaol an tuarastal do bhí ag dul dóibh ó dhaltaí bochta na háite, i dtreo go mbíodh ar an máistir bannaí, dintiúirí, srl., do scríobh do dhaoine chun cur lena fháltas, agus is minic do b’éigin don bhfear bocht ramhan agus sluasad do tharraingt chuige chun réal do thuilleamh.”

Fuair Brian bás i Luimneach, mí Iúil, 1805.

Saothar cuir in eagar

Trí chinn dá chuid dánta atá ar fáil anois, Cúirt an Mheáin Oíche, an Macalla, agus an Poitín.

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar